Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Réamhrá


Fáilte go dtí lámhleabhar Síolta, An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d'Oideachas na Luath-Óige (CNC). Faoi iamh sa lámhleabhar seo tá na Prionsabail, na Caighdeáin, na Comhpháirteanna Cáilíochta agus na Deiseanna Mhachnaimh atá ina bpríomhchuid de Síolta. Tá sé d'aidhm ag an lámhleabhar seo tacaíocht a thabhairt duit a bheith rannpháirteach sa Chreatlach. Is féidir leat úsáid a bhaint as mar chleachtóir aonair agus tú ag obair le do chomhgheacaithe i do shuíomh oibre féin. Anuas air sin, is féidir leis an gCreatlach feidhmiú mar thacaíocht d'obair i líonra le comhghleacaithe proifisiúnta eile atá ag obair le páistí suas go dtí sé bliana d'aois. Ar na hábhair sa leabhar seo tá:

Prionsabail Cháilíochta

Is éard atá sna Prionsabail Cháilíochta ná an fhís atá ina buntaca do chleachtas ar ard-chaighdeán i COLO in Éirinn, agus a sholathraíonn an comhthéacs dó. Tá siad idirspleách agus níl Prionsabail indibhidiúla ceaptha seasamh leo féin. Faisnéisíonn siad cleachtas cáilíochta ach ní áireofar iad sna próisis mheasúnaithe.

Caighdeáin agus Comhpháirteanna Cáilíochta

Sainmhíníonn na Caighdeáin agus Comhpháirteanna Cáilíochta cleachtas ar ard-chaighdeáin laistigh den Chreatlach. Is iad seo na míreanna a ndéanfar measúnú orthu. Tá na Caighdeáin agus na Comhpháirteanna anghar dá chéile. Tá líon Comhpháirteanna gaolmhara ag gach Caighdeán a bhriseann na Caighdeáin síos ina míreanna atá níos intuigthe. Priontáiltear gach Caighdeán mar aon lena Chomhpáirteanna gaolmhara ag tús gach ceann de na sé rannóg déag.

Deiseanna Mhachnaimh agus

Tá líon Deiseanna Mhachnaimh ag gach comhpháirt ina bhfuil ceisteanna agus pointí urchair darbh ainm 'Smaoinigh ar' ag teacht ina ndiaidh. Féadfar pointí plé a thabhairt orthu seo, nó moltaí atá ceaptha machnamh a spreagadh. Féadfaidh daoine indibhidiúla iad a úsáid ar mian leo roinnt ama a chaitheamh ag meas a gcuid oibre fein; agus grúpaí, bíodh sé laistigh de suíomh nó i ngréasán níos leithne. Tugann siad fócas i gcomhair plé faoi fheabhas a chur ar cháilíocht in obair indibhidiúil, in obair an suíomh nó i líon suímh eile. Tá siad oscailte, níl aon fhreagra atá ceart nó mícheart agus, an rud is tábhachtaí, ní boscaí iad a bhfuil marc le cur iontu. Táthar ag súil go gcabhróidh na Comharthaí leo siúd atá ag úsáid an lámhleabhair seo chun tuilleadh ceisteanna a chur agus chun tuilleadh pointí plé atá ábhartha dá gcuid oibre a ardú.

Tras-tagairtí

Agus na Comhpháirteanna agus na Comharthaí á n-úsáid agat, feicfidh tú é seo Féach agus uimhir/uimhreacha Chomhpháirt in aice leis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Chomhpháirt seo ábhartha don cheann a bhfuil tú ag caint faoi nó ag machnamh air, agus d'fhéadfadh sé a bheith ina chabhair duit breathnú ar an gComhpháirt sin chun do phlé a shaibhriú. Mar shampla, tá tras-tagairt do Féach 9.1 9.1 i gComhpháirt 2.4. Is é an chiall atá leis seo ná go bhféadfá breathnú ar 9.1 nuair atá tú ag obair le 2.4 agus dul i mbun cainte/machnaimh faoin gcaoi a n-imríonn sé tionchar ar Chomhpháirt 2.4. Cabhróidh sé seo leat breathnú ar gach gné de do chuid oibre.

Rannóga Breise

Tugann an rannóg Acmhainní eolas ar acmhainní (leabhair, láithreáin ghréasáin, eagraíochtaí, &rl.) a bheidh ina gcúnamh agus Síolta á chur i bhfeidhm. Sa chás gur cuí, tá uimhir an Chaighdeáin ábhartha in aice leis an mír acmhainne. Is é an aidhm atá leis ná go mbainfeadh aon duine atá ag obair le Síolta úsáid as an rannóg seo mar bhunús agus go gcuirfidís acmhainní eile leis a cheapann siad a bheith ina gcabhair. Táthar ag súíl go roinnfear na moltaí breise seo le gach éinne atá ag baint úsáide as an gCreatlach.

Tá trí Aguisín ann:


Tugann Aguisín 1 liosta samplach de Pholasaithe agus Nósanna Imeachta a bhféadfaidh suímh úsáid a bhaint astu. Ní liosta iomlán atá ann agus is ag an suíomh atá an fhreagracht an cinneadh a dhéanamh céard iad na polasaithe agus nósanna imeachta atá infheidhmithe dá staid féin.


Tugann Aguisín 2 liosta samplach Reachtaíochta agus Rialú mar threoir do scoileanna agus iad ag meas an chaoi a bhfuil feidhm ag reachtaíocht agus rialú i gcomhthéacs an suíomh.


Cuirtear Aguisín 3, an Eangach Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann de Thascairí Leibhéil, isteach mar eolas ar an mbealach a dtéann na léibhéil éagsúla oiliúna agus cáilíochta atá acu siúd atá ag obair laistigh d'earnáil COLO le chéile laistigh den Chreatlach atá leagtha síos ag Údarás Náisiúnta Cailíochtaí na hÉireann.

Treoracha i gcomhair úsáide:

  • Roghnaigh an Caighdeán a bhfuil tú ag iarraidh oibriú leis ón gClár Ábhar.
  • Téigh go dtí rannóg ábhartha an lámhleabhair, áit a bhfaighidh tú téacs an Chaighdeáin agus na Comhpháirteanna a théann leis.
  • Roghnaigh an Chomhpháirt a bhfuil tú ag iarraidh oibriú léi.
  • Téigh go dtí an leathanach ábhartha sa rannóg sin, áit a bhfaighidh tú téacs an Chomhpháirt agus an Deis Mhachnaimh.
  • Tras-tagairtí: Féach leathanach 3 don nóta ar thrastagairtí
  • Léigh an Chomhpháirt agus an Deis Mhachnaimh go cúramach
  • Breathnaigh ar an mír Acmhainní chun ábhair agus acmhainní a fháil chun cabhrú leat agus tú ag obair leis an Comhpháirt
  • B'fhéidir go mbeadh sé áisiúil duit nótaí a choimeád faoi láthair chun cabhrú leat sa todhchaí.

Tátal

Tugann Síolta dushlán do gach duine atá ag obair laistigh d'earnáil COLO machnamh a dhéanamh ar chaighdeán na n-eispéireas a sholáthraíonn muid do pháistí óga. Tá sé mar aidhm ag an lámhleabhar seo an próiseas a oibriú laistigh den Chreatlach chomh soiléir agus is féidir. Is é an cuspóir atá ann ná go saibhreoidh an plé, an machnamh agus an díospóireacht ar na Prionsabail, Caighdeáin, Comhpháirteanna agus na Deiseanna Mhachnaimh, ní hamháin saol na bpáistí, ach cleachtas proifisiúnta na ndaoine fásta freisin.