Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - lámhleabhar tosaigh

Cuid a Sé - Conclúid

Tá ábhar an lámhleabhair seo curtha le chéile chun forléargas leathan a thabhairt ar chomhthéacs, ar phróiseas forbartha agus ar na féidearthachtaí a bheidh ann maidir le cur i bhfeidhm Síolta - an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d'Oideachas na Luath-Óige amach anseo in Éirinn. Tá tiomantas an Lárionaid maidir le forbairt beartais fianaise-bhunaithe leagtha amach go soiléir sa lámhleabhar seo. Chomh maith leis sin, tá an fhianaise seo sainmhínithe i dtéarmaí comhairliúcháin, agus athbhreithniú ar bheartas, cleachtas agus taighde i dtéarmaí an chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá oscailteacht agus trédhearcacht an phróisis forbartha seo le fáil i measc earnáil níos leithne COLO. Cabhair a bheidh sna doiciméid réamhphlé ar shaincheisteanna maidir le hardchaighdeán a mheas agus tacú leis, chun leanúint le comhairliúchán agus comhoibriú ar fud na hearnála uile a éascú.


Buaicphointe dearfach in éabhlóid dhinimiciúil earnáil an COLO atá i bhfoilsiú Síolta. Doiciméad ar leith atá anseo, doiciméad a léiríonn comhaontú líon daoine nach raibh súil leis, a bhfuil baint acu, go díreach nó go hindíreach, le soláthar seirbhísí COLO. Gan dabht ar bith, tá go leor oibre le déanamh d'fhonn an poitéinseal d'athrú atá le fáil sna doiciméid seo a bhaint amach. Cinntíonn ullmhú agus foilsiú na n-ábhar seo, áfach, gur féidir tús a chur lena leithéid d'obair ar bhealach comhordaithe agus comhtháite. Tá an Lárionad ag súil go fonnmhar leis an obair seo atá amach rompu. Fachtóir cinntitheach maidir lena bhfuil bainte amach ag ár Work Programme go dtí seo, is ea an tacaíocht atá faighte againn, ar an gcéad dul síos ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus go ginearálta, ó bhallraíocht ár gCoiste Comhairleach agus ó phobal cleachtais an COLO a ndéanann siad ionadaíocht orthu. Má leanann a leithéid de thacaíocht ar aghaidh, beimid in ann leanúint leis na próisis chomhoibritheacha a chur na hábhair seo ar fáil, agus a chinntiú go mbeidh fíorthionchar dearfach acu ar chaighdeán eispéireas leanaí óga sna blianta tosaigh agus sna blianta múnlaitheacha dá saol.