Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - Lámhleabhar Tosaigh

Cuid a Cúig Ag Tacú Le hArdchaighdeán
Réamhrá

Is léir don Lárionad, ó na céimeanna tosaigh d'fhorbairt Síolta, gur cheart go bhfaigheadh cleachtóirí a bhfuil baint acu leis an gcreatlach chun ardchaighdeán a fheabhsú, tacaíocht. Tá sé seo ríshoiléir tríd an gceithre philéar taighde, a bhfuil cur síos déanta orthu cheana i gCuid a Trí, agus sa struchtúr atá deartha don Chreatlach, is iad sin, Sainmhíniú, Measúnú agus Tacú le hArdchaighdeán.

Tá dearcadh comhtháite agus iomlánaíoch ar ardchaighdeán curtha chun cinn ag an Lárionad i gcónaí, dearcadh a bhfuil páirt le n-imirt ag na páirtithe leasmhara ar fad ann maidir le seirbhísí ardchaighdeán a chinntiú dár leanaí is óige. Nílimid den tuairim go luíonn an fhreagracht maidir lena leithéid de sheirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar leis na cleachtóirí astu féin, ach mar chomhiarracht, á déanamh go comhoibritheach agus ag cur gnéithe uile an chórais san áireamh - gnéithe aonaracha, áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Ní mór go mbeadh ár n-iarrachtaí ar fad dírithe go hiomlán ar an leanbh, a bhfuil a ndea-bhraistint ag croílár an chleachtais ardchaighdeáin.



Eilimintí Tacaíochta

Is é an túsphointe atá ag an anailís seo torthaí na seimineár comhairliúcháin a reáchtáil an Lárionad go deireanach in 2003 (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004a). Iarradh ar na rannpháirtithe na heilimintí tacaíochta atá ag teastáil le soláthar ardchaighdeáin a fheabhsú a áireamh, agus tá forthoradh a bhfreagairtí léirithe i bhFíor 5 anseo thíos.


Fíor 5: Ag Tacú Le hArdchaighdeán - Torthaí an Chomhairliúcháin
Fíor 5: Ag Tacú Le hArdchaighdeán - Torthaí an Chomhairliúcháin

Chun críocha pictiúr cuimsitheach de dhearcaí reatha a bhunú ó chleachtas, beartas agus taighde sa COLO, cuireadh leis an anailís tosaigh seo le faisnéis ó roinnt foinsí eile. Measadh na himpleachtaí maidir le tacú le hardchaighdeán a tháinig ón taighde a rinneadh don athbhreithniú náisiúnta, (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b), ón athbhreithniú idirnáisiúnta (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004c) agus ón athbhreithniú ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanaí (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an LuathÓige, 2005b). Measadh ionchur ó roinnt doiciméad beartais eile a rinneadh le déanaí agus a bhí ábhartha, mar shampla, tuarascáil An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b), tuarascáil An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005) agus DEIS (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2005). Ar deireadh thiar thall, mar chuid de phróiseas comhairliúcháin an Lárionaid ar fhorbairt Síolta, iarradh aighneachtaí ón gCoiste Comhairleach faoi na tacaíochtaí a shíl na baill a bhí riachtanach maidir leis an gCreatlach a chur i bhfeidhm. Cuirtear na cheithre fhoinse seo - comhairliúchán, taighde, anailís reatha agus aighneachtaí - le chéile anseo chun faisnéis a sholáthar maidir leis na tacaíochtaí do sholáthar hardchaighdeáin a mheasann earnáil an COLO go ginearálta a bheith riachtanach.


Aithníodh dhá leibhéal tacaíochta ar leith ón anailís seo. Baineann an chéad cheann leis an maicrileibhéal tacaíochta d'ardchaighdeán agus tarraingíonn sé aird ar na saincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal náisiúnta, agus atá aitheanta mar leibhéal ríthábhachtach maidir le forbairt ar chaighdeán soláthair COLO in Éirinn. Baineann an dara leibhéal níos mó le tacaíochtaí atá aitheanta ag na páirtithe leasmhara mar thacaíochtaí atá riachtanach ionas go mbeidh cleachtóirí agus seirbhísí in ann Síolta a chur i bhfeidhm i suímh chleachtais.



Saincheisteanna Náisiúnta

1. Maoiniú

Le linn do chomhairliúchán an Lárionaid a bheith ar siúl le páirtithe leasmhara san earnáil, cúis imní a tháinig chun i measc soláthróirí ba ea maoiniú agus tacaíocht airgeadais mar an phríomhthacaíocht a bhí ag teastáil chun seachadadh soláthair ardchaighdeán a chur chun cinn agus a chosaint. Mhol na rannpháirtithe roinnt bealaí ina bhféadfaí é seo a éascú, maoiniú díreach do chúram leanaí, deontais chaipitil, deontais chaipitíochta agus socruithe cánacha san áireamh. Mar an gcéanna, tá béim curtha ag an An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b), ar na leasanna geilleagracha agus sóisialta a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa COLO, agus tá athrú san infheistíocht molta acu, athrú i dtreo seirbhísí do leanaí óga in Éirinn, agus ag an am céanna ag tabhairt léargas ar na costais a bheadh ann mura ndéanfaí a leithéid.


Ar aon dul leis an dearcadh seo, thug anailís an Lárionaid ar ábhar a bhaineann le hardchaighdeán sa chomhthéacs náisiúnta faoi deara, gur tháinig tiomantas inbhuanaithe fadtréimhseach maidir le freastal ar thacaíochtaí airgeadais (ar son an Stáit) chun cinn mar ghné a bhí riachtanach maidir le forbairt ar chaighdeán soláthair seirbhíse COLO. Le linn ár bpróiseas comhairliúcháin agus ár n-athbhreithniú náisiúnta, aithníodh gur thosaigh Éire ó infheistíocht bhunlíne a bhí fíoríseal agus gur tharla feabhsúchán suntasach le blianta beaga anuas.


Impleachtaí do Síolta - Beidh maoiniú feiliúnach ag teastáil chun Síolta a chur i bhfeidhm, mar aon leis an urrús a bhaineann le maoiniú cinntithe amach anseo, d'fhonn cur ar chumas na seirbhísí feidhmiú go hiomlán, agus go muiníneach, sa phróiseas forbartha ardchaighdeáin.


2. Comhordú

D'aithin rannpháirtithe na seimineár comhairliúcháin an tionchar criticiúil a bhíonn ag beartas agus cleachtas rialtais ar sholáthar seirbhísí COLO. Tharraing siad aird ar an bhfeabhsúchán suntasach atá tagtha, le blianta beaga anuas, ar an tosaíocht atá tugtha ag roinnt rann rialtais, go háirithe An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, An Roinn Sláinte agus Leanaí, An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, do thiomantais bheartais COLO. Ach, bhí daoine ag iarraidh go mbeadh na beartais a bhí deartha nó daingnithe ag an rialtas cheana féin, á gcur i bhfeidhm, rud a theastaigh ón Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach (An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005) freisin.


Ina theannta sin, theastaigh ó na rannpháirtithe go mbeadh níos mó comhordaithe ann idir ranna agus eagraíochtaí rialtais atá ag déileáil le COLO. Le gairid, tá tús áite bainte amach ag an bpointe deiridh thuasluaite. Tá aird tarraingthe ag An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta go háirithe, ar na buntáistí a bheadh ann d'Éirinn dá mbeadh cur chuige comhtháite i bhfeidhm maidir le COLO. Go deimhin, molann an An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta go mbeadh aireacht amháin nó gníomhaireacht maoiniúcháin agus beartais ainmnithe mar fhócas do chomhtháthú dá leithéid, rud atá ag éirí coitianta go maith i roinnt tíortha An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b). Ina theannta sin, d'aithin athbhreithniú idirnáisiúnta an Lárionaid, as an sé thír a ndearnadh suirbhé orthu, go bhfuil creatlach beartais shoiléir, chomhleanúnach, chomhordaithe riachtanach chun COLO ar ardchaighdeán a chur chun cinn (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b). Chomh maith leis sin, tacaíonn an Páipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige, Ready to Learn (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a) leis an riachtanas atá ann go mbeadh a leithéid de chomhordú ar sholáthar COLO agus go deimhin, bhunaigh sé an Lárionad mar réamhtheachtaí don Ghníomhaireacht um Oideachas na Luath-Óige (ECEA), mar a cuireadh chun cinn sa Pháipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige, Ready to Learn (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a).


Impleachtaí do Síolta - Beidh Síolta ag fáil tacaíochta trí Roinn nó gníomhaireacht a ainmniú ar a mbeidh an fhreagracht maidir le cur i bhfeidhm a chur chun cinn i gcomhthéacs an infrastruchtúir atá ann a chomhordú, le freastal ar riachtanais cláir.


3. Oiliúint agus cáilíochtaí

Aithnítear go hidirnáisiúnta go bhfuil an-tábhacht ag baint le leibhéil oiliúna agus cáilíochtaí foirne, maidir le tacú le caighdeán an tsoláthair seirbhíse (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004c). Áiríonn oiliúint agus cáilíochtaí oideachas réamhsheirbhíse, agus as sin tagann cáilíochtaí creidiúnaithe agus caighdeánaithe, agus forbairt ghairmiúil leanúnach.


I measc na saincheisteanna imní d'earnáil an COLO sa réimse seo, tá rochtain ar oideachas agus oiliúint agus solúbthacht conairí oiliúna. Mar a rinne na rannpháirtithe cur síos air i seimineáir chomhairliúcháin an Lárionaid, ní mór go mbeadh rochtain ar oiliúint agus forbairt leanúnach ann do chleachtóirí, a nascann isteach lena dtiomantais oibre agus phearsanta (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004a). Tá tábhacht ag baint le solúbthacht i soláthar na forbartha gairmiúla leanúnaí, agus bearta maidir le ham saor ó obair mar aon le cúrsaí modúlacha nó páirtaimseartha a sholáthar. Chiallódh a leithéid d'infrastruchtúr forbartha gairmiúil go mbeadh sé éasca conaire gairme a aithint, rud a mhealladh agus a choinneodh cleachtóirí óga agus a neartódh féiniúlacht earnáil an COLO.


D'aontaigh athbhreithniú náisiúnta an Lárionaid leis na dearcaí a léirigh na rannpháirtithe sna seimineáir chomhairliúcháin. Chomh maith leis sin, d'aithin sé an tábhacht a bhain le lucht oibre cáilithe a bheith ar fáil le struchtúir ghairme shoiléire, téarmaí agus coinníollacha maithe fostaíochta agus deiseanna rialta d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach, mar bhunghné d'fhorbairt ardchaighdeáin sa COLO (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b). Tá gníomhaíocht shuntasach ar bun cheana féin ina leith seo - tá an Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann agus na comhlachtaí dámhachtana HETAC agus FETAC, a bhfuil freagracht orthu maidir le caighdeáin a leagan amach do na gradaim náisiúnta sna réimsí foghlama ar fad, ag forbairt beartas agus nósanna imeachta leis na cúiseanna imní a ardaíodh maidir le rochtain agus rannpháirtíocht in oideachas agus oiliúint a réiteach. Tá na gníomhaireachtaí seo ag obair leis an Lárionad freisin maidir le sainriachtanais earnáil an COLO. Cé go bhfuil an leibhéal bunlíne d'oideachas réamhsheirbhíse fós íseal i measc céatadáin shuntasaigh de chleachtóirí in earnáil an COLO, tá feabhsúcháin tugtha faoi deara ag An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach le blianta beaga anuas, toisc go bhfuil na cleachtóirí ag fáil breisoiliúna. Tugann an tuarascáil seo faoi deara freisin, áfach, go bhfuil na deacrachtaí fós amhlaidh maidir le rochtain, solúbthacht agus creidiúnú réamhfhoghlaim (An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005).


Faoi láthair, mar atá curtha in iúl ag an OECD, is féidir go mbeadh - nó nach mbeadh - cáilíocht éigin as raon cáilíochtaí ag foirne a baineadh amach trí chúrsaí éagsúla, creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe, á soláthar ag raon soláthróirí oiliúna (OECD, 2004). Ach, mar a léirigh an Páipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige, ní mór athruithe ar bith ar riachtanais cháilíochta a thabhairt isteach de réir a chéile, le cinntiú go bhfaigheann cleachtóirí a bhfuil saineolas suntasach acu tríd an taithí atá faighte acu, an deis na cáilíochtaí a fháil a léiríonn an saineolas sin (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a).


Impleachtaí do Síolta - Beidh tionchar ag leibhéil oiliúna agus cáilíochta na gcleachtóirí ar chumas na seirbhísí a bheith páirteach sa phróiseas feabhsúcháin ardchaighdeáin. Tacóidh clár eile d'fhorbairt ghairmiúil le cur i bhfeidhm Síolta.


4. Creatlaí cleachtais náisiúnta

Tháinig ról féideartha na creatlaí náisiúnta maidir le tacú le hardchaighdeán i soláthar oideachais na luath-óige chun cinn le linn chomhairliúchán an Lárionaid le páirtithe leasmhara sa COLO. Thug an NCCA, sa doiciméad comhairliúcháin, I dTreo Creatlach don Luathfhoghlaim (NCCA, 2004), faoi deara freisin gur chéim thábhachtach í a leithéid d'fhorbairt creatlaí mar é, chun tacú le seirbhísí reatha COLO. Aithníodh an poitéinseal a bhaineann le creatlaí cleachtais maidir leis an riachtanas atá ann go mbeadh comhréiteach cleachtais in earnáil an COLO. D'aithin rannpháirtithe slata tomhais roinnte mar rudaí a bhí lárnach maidir le cinntiú go raibh comheispéireas ardchaighdeán ag gach leanbh i ngach suíomh luathbhlianta luath-óige. Tá an dearcadh deiridh seo le sonrú go láidir i Síolta, mar go mbaineann na Prionsabail, na Caighdeáin agus na Comhpháirteanna Cáilíochta leis na ceithre shuíomh a bhfuil baint ag an gCreatlach leo. Go deimhin, i gcás an riachtanais aitheanta ar leith seo, tá dul chun cinn suntasach déanta: Tá fáil ar Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta anois agus tá obair ar Chreatlach náisiúnta don Luath-Fhoghlaim ag leanúint ar aghaidh.


Impleachtaí do Síolta - Cuirfidh idirghníomhaíocht idir an Chreatlach don Luathfhoghlaim agus Síolta comhthéacs comhleanúnach ar fáil maidir le cleachtas ar ardchaighdeán do leanaí óga.


5. Rannpháirtíocht tuismitheoirí agus pobail

Is soiléir ón bplé atá déanta ar rannpháirtíocht tuismitheoirí agus pobail agus an ghaolmhaireacht atá idir seirbhísí COLO, an teaghlach agus an pobal, gur tháinig comhthuiscint shoiléir chun cinn faoi nádúr éiceolaíoch na ngaolmhaireachtaí idir an trí ghrúpa. Mar bheart tiomantais a léirigh earnáil an COLO chuig, go háirithe, rannpháirtíocht tuismitheoirí, bhí rannpháirtithe sa chomhairliúchán den tuairim nach mór go mbeadh tacaíocht á tabhairt do thuismitheoirí, ionas go mbeadh siad páirteach go gníomhach sa ról seo. Déanann DEIS (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2005) athnuachan ar thiomantas na Roinne Oideachais agus Eolaíochta tacú le tuismitheoirí maidir le foghlaim agus forbairt a leanaí. Leagann an Páipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige, Ready to Learn (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a), béim ar an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíocht le tuismitheoirí, agus tarraingíonn sé aird ar an ról atá acu mar phríomhoideoirí agus príomhshaineolaithe ar a leanaí féin, agus ag an am céanna molann Straitéis Náisiúnta na Leanaí (DHC, 2000) gur cheart tacaíocht agus cumhacht a thabhairt don teaghlach laistigh den phobal. Léiríonn na Caighdeáin ar 'Thuismitheoirí agus Teaghlaigh' agus 'Rannpháirtíocht Pobail' sa Chreatlach na gnéithe seo de chleachtas mar ghnéithe atá lárnach i soláthar ardchaighdeán.


Impleachtaí do Síolta - Beidh sainbhearta ag teastáil nuair a bheidh Síolta á chur i bhfeidhm, le cinntiú gur féidir le seirbhísí agus le leanaí leas a bhaint as cabhair tuismitheoirí agus teaghlach, agus gur féidir le seirbhísí cabhrú lena bpobail, agus, dá bhrí sin, leas a bhaint as an ngaolmhaireacht.


6. Straitéis sonraí

Tháinig an riachtanas atá ann go mbeadh straitéis náisiúnta sonraí ann chun faisnéis chruinn, iontaofa a bhailiú agus a sholáthar le tacú le gnéithe uile an COLO, chun cinn ón athbhreithniú náisiúnta maidir le hardchaighdeán. Bhí an riachtanas céanna aitheanta ag an Lárionad in De Réir Sprice (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004d), tar éis iniúchadh a dhéanamh ar sheirbhísí a bhí ag díriú ar mhíbhuntáiste i measc leanaí óga in Éirinn. Ar an gcaoi chéanna, tharraing an An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta aird ar an dúshlán atá ann d'Éirinn staitisticí agus sonraí iontaofa faoi leanaí óga a fhorbairt. Tá a leithéid de shonraí riachtanach chun beartas agus soláthar a chomhordú agus, níos tábhachtaí ná sin, cinnteoidh na sonraí sin go mbeidh leanaí ó bhreith go sé bliana d'aois feiceálach sa tsochaí.


Impleachtaí do Síolta - Is féidir uas-leithdháileadh acmhainní le tacú le Síolta a dhéanamh níos éifeachtaí i gcomhthéacs a bhaineann le córas bailiúcháin náisiúnta sonraí, dírithe ar leanaí óga ó bhreith go sé bliana d'aois, agus ag soláthar faisnéise iontaofa le forbairt pleanála agus beartais a éascú.


7. Taighde, meastóireacht agus scaipeadh faisnéise

Mhol cuid de na haighneachtaí a fuair an Lárionad maidir le tacú le hardchaighdeán, gur cheart taighde agus faisnéis cothrom le dáta a chur ar fáil do chleachtóirí. Síltear go bhfuil a leithéid d'fhaisnéis riachtanach maidir le forbairt ghairmiúil leanúnach. Tá struchtúir chun é seo a éascú le fáil sa chéad chuid eile. Beidh faisnéis ag teastáil freisin faoin gCreatlach féin. Beidh gá le tionscadal taighde chuimsithigh agus fhadtréimhsigh le bailíochtú Síolta i gcomhthéacs na hÉireann a chinntiú. Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sa taighde;

  • Meastóireacht chuimsitheach ar thionchar Síolta ag gach leibhéal soláthair agus cleachtais;
  • Tuarascáil ar eispéiris agus dearcaí leanaí ar an gCreatlach;
  • Meicníochtaí le freagairtí cleachtóirí maidir le cur i bhfeidhm Síolta a éascú.

Ba cheart go léireodh an tionscadal meastóireachta na peirspictíochtaí uile ar ardchaighdeán, d'fhonn cloí le Straitéis Taighde an Lárionaid (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2003b), agus ba cheart tuarascálacha a dhéanamh ag eatraimh shocraithe. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis a tháinig chun cinn ón meastóireacht á roinnt le hearnáil an COLO, agus ba cheart go mbeadh díospóireacht fhorleathan ar siúl faoi na himpleachtaí atá ann do chleachtas. Tá bearnaí suntasacha eolais ar chleachtas ardchaighdeán sa COLO in Éirinn, curtha in iúl ag Iniúchadh Taighde an Lárionaid, a thugtar cothrom le dáta go rialta, agus moladh gur cheart aghaidh a thabhairt ar an gceist seo d'fhonn tacú le forbairt cleachtais ardchaighdeáin amach anseo (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2003a). Cuireann Síolta deis iontach ar fáil le díriú ar iarrachtaí taighde agus meastóireachta ar shaincheisteanna ardchaighdeáin, agus leas a bhaint as an bhfaisnéis seo chun bunús a chur ar fáil do bheartas agus cleachtas COLO in Éirinn.


Impleachtaí do Síolta - Beidh clár meastóireachta fhadtréimhsigh, a chuireann fianaise ar shárchleachtas agus modhanna feabhsúcháin ardchaighdeáin ar fáil, riachtanach le tacú le cur i bhfeidhm éifeachtach Síolta.



Moltaí maidir le saintacaíochtaí do sheirbhísí agus cleachtóirí atá ag cur Síolta i bhfeidhm

Tagann na moltaí seo a leanas do shaintacaíochtaí do sheirbhísí atá ag cur na Creatlaí i bhfeidhm ó na haighneachtaí a tháinig ó Choiste Comhairleach an Lárionaid, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar fhorbairt Siolta. Bhí dearcadh ginearálta ann nach mór do na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil, ar deireadh thiar thall, cabhrú le seirbhísí na bearta ardchaighdeán atá leagtha amach i Siolta a bhaint amach, agus ní mór go mbeadh dlúthbhaint acu leis na próisis mheasúnaithe a luaitear leis na leibhéil ghnóthachtála a bhunú sa chomhthéacs seo. Sa chás nach bhfuil próisis chomhaontaithe ann maidir le measúnú, tá nádúr na dtacaíochtaí molta seo do chur i bhfeidhm i Siolta, ginearálta.


1. Tacaíocht agus comhairle

Beidh tacaíocht agus comhairle ag teastáil ó shuímh agus ó chleachtóirí a bhfuil baint acu le Siolta le linn an phróisis cuir i bhfeidhm. Rinneadh roinnt moltaí, trí na haighneachtaí, ar an mbealach a bhfeadfaí é seo a bhaint amach. Leagadh béim shuntasach ar infhaighteacht tacaíochta ar an láthair, ó chomhairleoir a bhfuil taithí agus saineolas cleachtais aige/aici. I measc na moltaí breise eile bhí tacaíocht teileafóin, áit a mbeadh an comhairleoir ar fáil le ceisteanna a fhreagairt, ó shuímh agus ó chleachtóirí, ar an teileafón.


2. Seirbhísí faisnéise

Tá roinnt féidearthachtaí ann maidir le soláthar agus scaipeadh faisnéise ar sheirbhísí a bhfuil baint acu le Síolta. Is í an chéad fhéidearthacht atá ann leathanach idirlín tiomanta ar láithreán gréasáin an Lárionaid. D'fhéadfadh na tacaíochtaí idirlín-bhunaithe seo rochtain agus naisc chuig acmhainní agus íoslódálacha, i measc rudaí eile, a chur ar fáil, le tacú le gnéithe éagsúla den chleachtas. Féidearthacht eile fós is ea nuachtlitir tiomanta do sheirbhísí atá ag glacadh páirte sa chur i bhfeidhm. I measc an ábhair, is féidir go mbeadh faisnéis ó Ghréasáin éagsúla Síolta (féach thíos), cabhair ó sheirbhísí agus cleachtóirí atá ag glacadh páirte, agus smaointe agus faisnéis maidir le bheith ag obair le leanaí. Mar thacaíocht bhreise do chur i bhfeidhm trí sholáthar faisnéise, foilseoidh an Lárionad ábhair bhreise le tacú le gnéithe éagsúla cleachtais, e.g. measúnú, spraoi agus rannpháirtíocht tuismitheoirí. D'fhéadfaí faisnéis a scaipeadh trí rochtain a chur ar fáil do shuímh agus do chleachtóirí ar sheimineáir ar shaincheisteanna ar leith a bhaineann le Síolta, ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. D'fhéadfadh seimineáir dá leithéid cabhrú le líonrú freisin, gné eile de na tacaíochtaí a moladh do Síolta.


3. Líonraí

Cuireadh béim ar dheiseanna líonraithe i measc cleachtóirí i roinnt de na haighneachtaí, agus, arís, tá roinnt féidearthachtaí ann maidir lena leithéid de ghníomhaíocht a éascú. Mar shampla, thabharfadh Líonra Ar Líne, le nasc ó leathanach idirlín tiomanta, deis do shuímh agus cleachtóirí atá ag cur Síolta i bhfeidhm a bheith ag caint lena chéile, ag roinnt faisnéise, ag fiafraí ceisteanna agus ag malartú smaointe. D'fhéadfadh sé gur réiteach a bheadh anseo do sheirbhísí atá ag feidhmiú i gceantair tuaithe nó iargúlta, nó i gceantair nach bhfuil an dlús daonra sách mór le cruinnithe a reáchtáil iontu. Áit ar féidir cruinnithe a reáchtáil, tá neart samplaí cheana de líonraí cleachtóirí faoi choimirce grúpaí reachtúla nó deonacha. Féidearthacht eile iad líonraí tacaíochta ardchaighdeáin, nó cnuasghrúpaí, áit ar féidir le cleachtóirí ó gach cineál suímh bualadh lena chéile le faisnéis a roinnt lena chéile, saineolas a roinnt lena chéile, tús a chur le smaointe nua agus cur chuige comhordaithe a chur chun cinn. Chun comhtháthú a chur chun cinn, beidh na Líonraí Tacaíochta Ardchaighdeáin agus na líonraí ar líne ag rith ar aon dul lena chéile, agus roinnfear faisnéis idir an dá líonra.



Achoimre

Tá leas bainte ag an rannóg seo faoi na féidearthachtaí atá ann maidir le soláthar tacaíochtaí do chur i bhfeidhm Síolta as dearcaí na bpáirtithe leasmhara, anailís beartais, taighde an Lárionaid agus aighneachtaí bhaill Choiste Comhchomhairle an Lárionaid. Measann sé go mbeidh éagsúlacht na mbeart a léiríonn taithí agus cleachtas reatha lárnach maidir le cur i bhfeidhm rathúil Síolta. Leagann sé béim in athuair gur tionscadal é cur i bhfeidhm próiseas feabhsúcháin ardchaighdeáin nach mór go mbeadh na páirtithe leasmhara uile ar fud earnáil an COLO san áireamh ann, agus ní hamháin cleachtóirí astu féin. Ní mór gur comhiarracht a bheadh i dtacú le hardchaighdeán, leis an bpríomhaidhm atá leis na seirbhísí is fearr is féidir a chur ar fáil dár leanaí is óige.