Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - Lámhleabhar Tosaigh

Cuid a Dó - An Próiseas Forbartha
Na 'Ceithre Philéar Taighde'

Chuir Clár Oibre an Lárionaid síos ar chlár oibre trí bliana bunaithe ar chuspóirí agus feidhmeanna an Lárionaid (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2001). Tharla ceann de na príomhchuspóirí sin, cur le chéile na Creatlaí Náisiúnta Cáilíochta do COLO in Éirinn, mar bhunús do mhéid suntasach taighde agus forbartha agus, go háirithe, gurb é ba chúis leis na ceithre philéar shuntasacha taighde. Aithníodh iad seo mar chúiseanna ríthábhachtacha maidir le tacú le forbairt Síolta, mar atá léirithe i bhFíor 1 thíos.


- Fíor 1: Gnéithe den Taighde atá mar bhuntaca ag Síolta
Fíor 1: Gnéithe den Taighde atá mar bhuntaca ag Síolta


Is ar ardchaighdeán i gcomhthéacs na hÉireann is mó a bhí béim na gceithre philéar taighde, agus cuireadh peirspictíocht idirnáisiúnta san áireamh freisin chun éagsúlacht a chur lenár ndearcaí féin. Tá cur síos ar na ceithre philéar anseo, agus tá téacs iomlán gach aon cheann le fáil ar an CD-Rom atá in éineacht leis an bpacáiste seo nó ag www.cecde.ie. Seo a leanas na ceithre philéar:

  • Is tuarascáil é Ardchaighdeán faoi Chaibidil maidir le comhairliúchán náisiúnta a rinne an Lárionad go deireanach sa bhliain 2003 (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004a). Chuathas i gcomhairle le thart ar cheithre chéad páirtí leasmhar (lena n-áirítear cleachtóirí, tuismitheoirí, lucht déanta beartais, taighdeoirí, gairmithe sláinte agus mic léinn) in earnáil an COLO maidir leis na gnéithe ar fad a bhaineann le sainmhíniú a thabhairt, measúnú a dhéanamh agus tacú le hardchaighdeán in Éirinn.
  • Is athbhreithniú é Spléachadh ar an Ardchaighdeán ar na gnéithe uile a bhaineann le beartas, cleachtas agus taighde maidir le hardchaighdeán in Éirinn ó 1990 (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b). Déanann sé scrúdú ar os cionn trí chéad foilseachán ó ghníomhaireachtaí reachtúla agus neamhreachtúla agus cuireann sé impleachtaí agus moltaí le chéile d'fhorbairt Síolta.
  • Is athbhreithniú idirnáisiúnta é Making Connections ar ardchaighdeán sa COLO a bhaineann le sé thír ar fud an domhain, eadhon, An Iorua, An tSualainn, An Ghearmáin, An Phortaingéil, Tuaisceart Éireann agus An Nua-Shéalainn. Déanann sé iniúchadh ar gach gné beartais, cleachtais agus taighde sna tíortha seo ar bhonn téamach agus críochnaíonn sé le himpleachtaí d'fhorbairt Síolta i gcomhthéacs na hÉireann (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004c).
  • Is measúnú téamach é Luath-Óige in Éirinn - Fianaise agus Peirspictíochtaí ar fhorbairt agus foghlaim an linbh in Éirinn bunaithe ar léirmheas forleathan litríochta (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2005b).

Cé gur foilseacháin thábhachtacha agus luachmhara iad iontu féin, le chéile cuireann na doiciméid seo bunús maith ar fáil d'fhianaise taighde ar féidir forbairt agus cur i bhfeidhm Síolta a bhunú i gcomhthéacs na hÉireann. Scríobhadh iad agus rinneadh taighde orthu don chuspóir seo agus tá siad deartha chun bunús a thabhairt d'obair an Lárionaid chun an príomhchuspóir seo a bhaint amach.


Thug forbairt Síolta aghaidh ar thrí ghné ar leith, ach a bhí bainteach lena chéile ag an am céanna:

  • Forbairt phríomhshraith Prionsabal, Caighdeán agus Comhpháirteanna comhaontaithe, a thugann sainmhíniú ar ardchaighdeán i chomhthéacs na hÉireann;
  • Forbairt ar thograí do mheasúnú/meastóireacht sa chomhthéacs a bhaineann le Síolta a chur i bhfeidhm;
  • Plédhoiciméad a fhorbairt i leith tacú le hardchaighdeán sa chomhthéacs a bhaineann le Síolta a chur i bhfeidhm.

Nóta ar Choiste Comhairleach an Lárionaid
Sula ndéanaimid cur síos ar phríomhghnéithe an phróisis forbartha, is cabhair é cur síos a dhéanamh ar an struchtúr príomhúil atá curtha i bhfeidhm ag an Lárionad chun an próiseas comhairliúcháin a éascú le hearnáil an COLO. I mí Mheán Fómhair 2003, cuireadh tús le Coiste Comhairleach an Lárionaid. Tá caoga páirtí leasmhar ionadaíoch in earnáil an COLO ar an gCoiste Comhairleach agus is í an fheidhm atá aige comhairle a chur ar an Lárionad maidir lena chuid oibre (Féach Aguisín 1). Chun críche comhairliúcháin ar an gCreatlach, bhí trí fheidhm ar leith ag an gCoiste Comhairleach:

  • Ionadaíocht a dhéanamh ar dhearcaí ghrúpaí na bpáirtithe leasmhara;
  • Próiseas comhairliúcháin na Creatlaí a chur in iúl do chomhghleacaithe/baill ar son an Lárionaid;
  • Fócas cleachtais a chothabháil laistigh den Chreatlach.

Cé go raibh an comhairliúchán díreach déanta le caoga eagraíocht de pháirtithe leasmhara, tá sé soiléir go raibh comhairliúchán níos leithne ar siúl laistigh de na heagraíochtaí seo agus iad ag cur aiseolais ar fáil don Lárionad ar ghnéithe éagsúla na Creatlaí, chomh maith le haighneacht ar thacú le cáilíocht (féach Cuid a Sé). Chuir roinnt eagraíochtaí, mar shampla, dréachtdoiciméid dá mballraíocht iomlán ar aghaidh le léargas a thabhairt orthu, agus bhí fócasghrúpaí nó seimineáir ag eagraíochtaí eile chun dearcaí na mball a fháil.



Prionsabail na Cáilíochta a Fhorbairt

Nuair a bhí an fhianaise taighde bailithe, chuir an Lárionad tús le meiteanailís ar na torthaí agus impleachtaí ar fad d'fhonn príomhphrionsabail a chur le chéile d'fhorbairt Síolta. Bhí cruthú os cionn ceithre mhíle focal tábhachtach i gceist anseo, a cuireadh i ndeich n-ollchatagóir de réir téama ina dhiaidh sin. Ina dhiaidh sin, úsáideadh na catagóirí sin chun Prionsabail Síolta a aithint, agus bhí an bailiúchán saibhir d'fhocail ghaolmhara mar bhunús don fhoclóir a úsáideadh sna Prionsabail agus sna Nótaí Míniúcháin.



Próiseas comhairliúcháin

Nuair a bhí na Ráitis Phrionsabail agus na Nótaí Míniúcháin curtha i dtoll a chéile, reáchtáladh cruinniú de Choiste Comhairleach an Lárionaid i mí na Samhna 2004. Ag an gcruinniú seo, rinneadh cur síos ar an líne ama agus ar an bpróiseas molta chun Síolta a fhorbairt agus sonraíodh ról an Choiste Chomhairligh agus comhaontaíodh air. Léiríonn Fíor 2 thíos an líne ama chun Síolta a fhorbairt.


- Fíor 2: Líne Ama na Creatlaí 2004-2005
Fíor 2: Líne Ama na Creatlaí 2004-2005

Mar atá léirithe, forbraíodh Síolta i leith na dtrí snáithe seo de shainmhíniú, measúnú agus tacú le hardchaighdeán. Tháinig athrú ar an gcur chuige seo ón gcéad chomhairliúchán le hearnáil an COLO, a d'aithin iad seo mar na hathróga uileghabhálacha a chabhraíonn le hardchaighdeán a bhaint amach i suímh oideachais na luath-óige (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004a).


Dhírigh an phríomhbhéim de na staid tosaigh den phróiseas forbartha ar shainmhíniú ar hardchaighdeán, eadhon Prionsabail, Caighdeáin agus Comhpháirteanna Cáilíochta a aithint agus a chomhaontú..


Scaipeadh na dréacht-Phrionsabail ar bhaill an Choiste Chomhairligh go luath i mí na Nollag 2004, le dáta fillte de lár mhí Eanáir ag baint leo. D'fhéadfaí aiseolas a chur ar ais i bhfoirm chrua nó trí áis ar líne a forbraíodh go speisialta don chuspóir sin. Bhí an ráta freagartha thar a bheith sásúil ag 48%, mar a bhí an leibhéal ard comhaontaithe leis na Prionsabail a tháinig chun cinn.


Mhol roinnt eagraíochtaí gur cheart roinnt focal a athrú sna Prionsabail agus sna Nótaí Míniúcháin, próiseas a chur go mór leis an bhfoclaíocht agus leis an tsoiléireacht. Mar thoradh ar an aiseolas, cuireadh dhá phrionsabal sa bhreis leis an gcéad deich gcinn, agus athraíodh an fhoclaíocht i gcinn eile chun dearcaí na hearnála a léiriú. Ag an dara cruinniú den Choiste Comhairleach faoi Síolta go luath i mí an Mhárta, cuireadh aiseolas mionsonraithe ar fáil agus eagraíodh fóram do phlé agus díospóireacht maidir leis na Prionsabail athbhreithnithe.



Na Caighdeáin a Fhorbairt

I gcomhar leis an athbhreithniú ar na Prionsabail, lean an Lárionad ar aghaidh leis an bpróiseas a bhain le dréacht- Chaighdeáin Cháilíochta a fhorbairt. Léiríonn siad seo an t-aistriúchán praiticiúil ar an bhfís, atá le fáil sna Prionsabail, isteach i gcleachtas. Cuireadh na Caighdeáin le chéile bunaithe ar anailís bhreise ar thorthaí/impleachtaí na gceithre philéar taighde. D'aithin an próiseas seo sé phríomhréimse dhéag cleachtais. Tástáladh iad seo i gcoinne sampla de chláir idirnáisiúnta um dhearbhú ardchaighdeáin /feabhsúcháin chun cuimsitheacht na gCaighdeán a dhearbhú.


I ndiaidh chruinniú an Choiste Comhairligh go luath i mí an Mhárta 2005, áit ar tugadh isteach na Caighdeáin, cuireadh na dréacht-Chaighdeáin ar aghaidh chuig gach ball den Choiste Comhairleach chun dul i gcomhairle lena (h)eagraíocht féin fúthu. Ar iarratas, cuireadh aistriúchán Gaeilge de na hábhair ar fáil do bhaill an Choiste Comhairligh chun an próiseas comhairliúcháin níos leithne a éascú ina ngrúpaí féin.


Fuair an dara céim comhairliúcháin seo ráta freagartha de 58% le leibhéal an-ard comhaontaithe ar na sé Chaighdeán déag a moladh. Bhí an próiseas a úsáideadh chun aiseolas a chuimsiú sna Caighdeáin díreach mar a chéile leis an bpróiseas a úsáideadh do na Prionsabail. Cé gur tháinig athrú ar theidil agus ar fhoclaíocht go leor de na Caighdeáin bunaithe ar an aiseolas, níor iarradh Caighdeáin bhreise ar bith.



Comhpháirteanna Cáilíochta agus Deiseanna Mhachnaimh

Arís eile, fad is a bhí baill an Choiste Comhairligh ag déanamh machnaimh ar na Caighdeáin, bhíothas i mbun na gComhpháirteanna Cáilíochta agus Deiseanna Mhachnaimh a fhorbairt. Forbraíodh na Comhpháirteanna bunaithe go díreach ar chruinneas na gCaighdeán, de réir mar a bhristear a n-ábhair síos a thuilleadh do chur i bhfeidhm i gcleachtas. Cruthaíodh na Deiseanna Mhachnaimh chun athmhachnamh a spreagadh ar fhorálacha na gComhpháirteanna. Rinneadh athbhreithniú freisin ar roinnt múnlaí náisiúnta agus idirnáisiúnta de dhearbhú ardchaighdeáin sa COLO, a aithníodh laistigh den cheithre philéar taighde, le linn an phróisis seo chun comhoiriúnacht le cleachtas reatha a chinntiú.


Scaipeadh na Comhpháirteanna agus na Deiseanna Mhachnaimh ar gach ball den Choiste Comhairleach an 30 Bealtaine 2005 i bhfoirm cóip chrua agus mar nasc chuig láithreán gréasáin an Lárionaid. Bhí ráta freagartha maith ón gCoiste Comhairleach maidir leis an gcomhairliúchán ar na Comhpháirteanna agus na Deis Mhachnamh ag 54%. De bharr nádúr leathan na n-ábhar a scaipeadh sa chéim seo den chomhairliúchán, na deacrachtaí freisin a bhí ann comhairliúchán inmheánach a reáchtáil lena gcomhghleacaithe/baill, bhíothas ag súil go mb'fhéidir go mbeadh an ráta freagartha níos ísle ná sna céimeanna a tháinig roimhe. Is léiriú soiléir é an ráta ard freagartha ar thiomantas láidir earnáil an COLO in Éirinn maidir le hardchaighdeán a bhaint amach i soláthar seirbhíse COLO. Ina theannta sin, tá neart fianaise ann gur reáchtáil go leor eagraíochtaí comhairliúchán forleathan lena mbaill, dá bhrí sin ag leathnú scóip an phróisis rannpháirtíochta.


Chomh maith le hathruithe sna focail, seo a leanas cuid de na téamaí eile a tháinig ón aiseolas:

  • Líon na Deiseanna Mhachnaimh a laghdú - cé go raibh sé seo de ghnáth in éineacht le hiarratas chun roinnt Deiseanna Mhachnaimh nua a chur san áireamh a bhain go sonrach le heagraíochtaí ar leith! Chuathas i ngleic leis na hiarratais chontrátha trí líon na mboscaí 'Smaoinigh air' a mhéadú agus trí líon na Deiseanna Mhachnaimh a laghdú.
  • An teanga a úsáidtear i ngach ceann de na suímh a phearsanú ionas go mbeadh baint níos mó aici leo siúd ar fad a bhfuil baint acu leis an gCreatlach laistigh de raon éagsúil suíomh.
  • Tríd is tríd, bhí comhaontú ginearálta ann na Comhpháirteanna uile a chur san áireamh i Síolta, agus seachas roinnt athruithe ar na focail agus dhá Chomhpháirt a chur le chéile laistigh den Chaighdeán ar Thimpeallachtaí, d'fhan bunús na gComhpháirteanna bunúsacha mar a chéile.

Comhairliúchán le tuismitheoirí

Cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin shonraigh agus dhírithe le tuismitheoirí i mí an Mhárta 2005 mar aitheantas ar an ról príomhúil atá acu i gcúram agus oideachas a leanaí. Léirigh an comhairliúchán seo snáithe breise de chomhairliúchán le tuismitheoirí, a bhfuil ionadaíocht acu freisin ar ár gCoiste Comhairleach. D'aithin an próiseas príomh-shaincheisteanna do thuismitheoirí maidir le seirbhísí COLO ar ardchaighdeán. Cuireadh aiseolas ar fáil freisin maidir leis na Prionsabail agus na Caighdeáin sa Chreatlach, a bhí forbartha cheana féin ag an staid seo. Foilseofar torthaí an chomhairliúcháin leis na tuismitheoirí go ríghairid.



Aistriúchán go Gaeilge

Bhí an Lárionad tiomanta ón tús a chinntiú go raibh fáil ag gach páirtí leasmhar in earnáil an COLO ar ár bhfoilseacháin, soláthar aistriúchán Gaeilge san áireamh. Dá bharr sin, cuid lárnach d'fhorbairt Síolta a bhí ann na hábhair a aistriú go Gaeilge le cinntiú gur foilsíodh leaganacha Béarla agus Gaeilge ag an am céanna. Chomh luath agus a bhí comhaontú faighte ar na Prionsabail, aistríodh agus foilsíodh iad ar ár láithreán gréasáin. Ar iarratas, aistríodh na dréacht- Chaighdeáin roimh chomhairliúchán de bhrí is go raibh níos mó baint acu le gnáthchleachtas agus mar gheall air sin theastaigh comhairliúchán praiticiúil le baill uathu ag baint úsáide as na Caighdeáin trí mheán na Gaeilge. A luaithe agus a bhí na hathruithe agus na leasuithe curtha i bhfeidhm i ndiaidh an chomhairliúcháin seo, aistríodh dréacht deiridh. Aistríodh na dréacht-Chomhpháirteanna ar fad freisin d'fhonn comhairliúchán i nGaeilge a éascú, aistríodh na Deiseanna Mhachnaimh do sheirbhísí Seisiúnacha freisin, a bhaineann le suímh Naíonraí3. Tugadh faoi phróiseas cosúil ansin, áit a aistríodh an dréacht deiridh arís, leis na leasuithe ar fad ar tarraingíodh aird orthu sa phróiseas comhairliúcháin



Sain-Ghrúpa Oibre

Tionscnamh tábhachtach eile den Lárionad is ea Sain-Ghrúpa Oibre ar an nGaeilge a bhunú, ar a raibh baill foirne an Lárionaid, aistritheoir ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus saineolaí Gaeilge le saineolas ar an COLO (féach Aguisín 1). Is é ról an Sain-Ghrúpa Oibre athbhreithniú a dhéanamh ar aistriúcháin le cinntiú go léiríonn siad an leibhéal ard castachta atá sna míniúcháin a úsáidtear i Síolta agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an téarmaíocht a úsáidtear. Chas an grúpa seo ar a chéile go minic le cinntiú nach raibh na mionsonraí a bhí san áireamh sa Bhéarla caillte san aistriúchán Gaeilge, agus go raibh sé inrochtana agus sothuigthe do gach páirtí leasmhar in earnáil an COLO.



Dearadh Síolta

Mar aitheantas ar an tosaíocht ard a tugadh d'ábhair Síolta a dhéanamh chomh héasca le húsáid agus ab fhéidir, d'fhostaigh an Lárionad cuideachta deartha chun foilsiú na Creatlaí Náisiúnta Cáilíochta a thabhairt chun cinn. Chuir an Lárionad béim ar roinnt tréithe tábhachtacha ar cheart do dhearadh na Creatlaí a chur chun cinn, cosúil le soiléireacht, éascaíocht úsáide agus ba cheart go mbeadh sé suimiúil agus é a bheith curtha i láthair ar bhealach mealltach. Chomh maith leis sin ba chóir go mbeadh na hábhair láidir, éasca le haithint, eagraithe go soiléir, éasca le húsáid, agus éasca le fótachóipeáil.



Achoimre

Léiríodh forbairt Síolta trí phróiseas córasach agus dian de thaighde agus comhairliúchán. Dhírigh an taighde ar chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta na hardchaighdeáin sa COLO, agus léiríonn sé sárbheartas, sárchleachtas agus sárthaighde san earnáil. Bhí an próiseas comhairliúcháin forleathan agus leath sé ar fud an phróisis forbartha ar fad. Rinneadh an próiseas seo a dhoiciméadú agus a fhoilsiú d'fhonn trédhearcacht agus oscailteacht a chinntiú maidir le gach gné d'fhorbairt na Creatlaí.