An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Comhthéacs d'Fhorbairt Síolta | Dearcaí stairiúla ar 'Ardchaighdeán' | Peirspictíochtaí reatha | Déimeagrafaic agus staitisticí | Comhthéacs beartais náisiúnta | Comhthéacs cleachtais náisiúnta | Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha | Comhthéacs taighde náisiúnta | Comhthéacs idirnáisiúnta | Achoimre
I gcomhthéacs na hÉireann tá forbairt Síolta tráthúil. Déanann
sé comóradh ar bhuaicphointe sa tóraíocht ar sholáthar
oideachas na luath-óige ar ardchaighdeán dár leanaí is óige,
atá ar siúl in Éirinn le blianta beaga anuas.
Tá iarracht déanta
ag an Lárionad an móiminteam dinimiciúil seo
d'ardchaighdeán a fháil laistigh d'earnáil an COLO, agus le
cabhair ó mhúnlaí idirnáisiúnta beartais, cleachtais agus
taighde, tá Creatlach Náisiúnta Cáilíochta cruthaithe atá
sonrach agus ábhartha do chomhthéacs na hÉireann. Déanann
an chuid seo cur síos ar an gcomhthéacs d'fhorbairt Síolta, ag
díriú ar pheirspictíochtaí stairiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Dearcaí stairiúla ar 'Ardchaighdeán'
Ní téarma coitianta ab ea an téarma 'ardchaighdeán' i bhfoclóir sheirbhísí an COLO go dtí le gairid, go príomha le deich mbliana anuas (Kiernan agus Walsh, 2004). Tá an coincheap agus an tuiscint atá againn ar ardchaighdeán i seirbhísí an COLO nasctha le comhthéacs agus sonrach ó thaobh ama de, agus bíonn an tuiscint seo ag síorathrú. Bíonn tionchar ag raon leathan fachtóirí ar athrú na tuisceana seo, lena n-áirítear forbairtí polaitiúla, sóisialta, reiligiúnacha, geilleagracha agus cultúrtha.
Go traidisiúnta, measadh cúram agus oideachas leanaí óga mar eintiteas ar leith, áit a mbíodh 'cúram' ag tarlú go príomha i dteach an linbh agus 'oideachas' ag tosú sna ranganna naíonán i mbunscoileanna. Is annamh a bhí seirbhísí an COLO, le tacaíocht Stáit, ar fáil agus is ar leanaí faoi mhíbhuntáiste nó ar leanaí a bhí i mbaol is mó a bhí siad dírithe. Tá glactha go forleathan anois leis gur gnéithe iad cúram agus oideachas atá "…inextricably linked…" agus nach féidir iad a scaradh i saol an linbh (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:45).
Cuireadh spéis níos mó sa COLO sa tréimhse idir 1960-1990 ar
go leor cúiseanna. I dtús báire, bhí taighde ag tabhairt
fianaise dhoshéanta chun cinn maidir leis an tábhacht
a bhaineann le COLO ar ardchaighdeán mar eilimint
thábhachtach de chur ar chumas leanaí a bpoitéinseal
iomlán a bhaint amach, le buntáistí ar leith do leanaí faoi
mhíbhuntáiste.
Mar thoradh ar bhallraíocht na hÉireann
i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ó 1973 i leith agus
naisc níos forleithne le heagraíochtaí idirnáisiúnta cosúil leis
An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta
(OECD) agus Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir
na Náisiún Aontaithe (UNESCO), chuaigh forbairtí Eorpacha
agus idirnáisiúnta i gcion ar bheartas agus ar chleachtas na
hÉireann de réir a chéile. De bharr uirbiú méadaithe bhíodh
teaghlaigh ina gcónaí i mbailte agus i gcathracha i gcéin óna
mórtheaghlaigh a mbíodh tábhacht nach beag ag baint leo
maidir le soláthar COLO sna blianta roimhe sin. Sa tréimhse
seo is mó a aithníodh oideachas mar infheistíocht sa duine
aonair agus sa tsochaí, agus mar réamhriachtanas lárnach
do rathúlacht gheilleagrach.
Ach is ó 1990 i leith i ndáiríre a tugadh aird an phobail agus aird oifigiúil ar COLO ar ardchaighdeán sa chomhthéacs Éireannach. Dhá shaincheist ar leith is cúis leis an méadú spéise seo. Ar an gcéad cheann acu seo tá an t-aitheantas ar luach COLO do gach leanbh, go háirithe na leanaí le riachtanais speisialta agus na leanaí faoi mhíbhuntáiste. Ar an dara dul síos, tá an rannpháirtíocht mhéadaithe atá ag mná sa lucht oibre mar gheall ar an tsuim a cuireadh i soláthar seirbhísí mar thoradh ar fhás geilleagrach nach raibh súil leis. Dá bhrí sin, is féidir beartas a rangú i dhá chatagóir, tá an chéad cheann faoi thionchar an chomhionannais agus díríonn sé ar rannpháirtíocht na mban sa lucht oibre a éascú agus tá an dara ceann bunaithe ar luach bunúsach an COLO. Is minic a bhíonn an teannas idir an dá shaincheist seo le tabhairt faoi deara i mbeartas, cleachtas agus taighde COLO na hÉireann.
Tá trí phríomhroinn rialtais a bhfuil freagracht orthu as seirbhísí COLO in Éirinn, eadhon an Roinn Oideachais agus Eolaíochta [DES], an Roinn Sláinte agus Leanaí [DHC] agus an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí [DJELR]. Chuir na ranna sin uile foilseacháin thábhachtacha le chéile, nó bhí baint acu lena leithéid, le blianta beaga anuas, ag bunú beartais náisiúnta do sheirbhísí COLO. Tríd is tríd, cuireann beartas rialtais tábhacht an COLO don gheilleagar agus don tsochaí san áireamh. Mar shampla, tá an COLO san áireamh sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime (Rialtas na hÉireann, 1999a), Plean Forbartha Náisiúnta na hÉireann 2000-2006 (Rialtas na hÉireann, 1999b), agus san Agreed Programme for Government (Roinn an Taoisigh, 2002) a bhaineann leis an gcomhrialtas reatha agus i gComhaontú reatha na gComhpháirtithe Sóisialta, Ag Coinneáil an Dul Chun Cinn (Roinn an Taoisigh, 2003).
Chomh maith leis sin bhí tionchar ag cineál an teaghlaigh
a bheith ag athrú ar eispéiris leanaí sna luathbhlianta sin,
le héagsúlacht níos mó i ndéantús teaghlach atá difriúil le
teaghlaigh thraidisiúnta 'núicléacha'. Bhí líon áirithe
príomhfhorbairtí socheacnamaíocha agus cultúrtha in Éirinn
le blianta beaga anuas, ag a raibh éifeacht ollmhór ar
chumraíocht shochaí na hÉireann. Ó thaobh na sochaí de,
rinneadh dul chun cinn suntasach i rith na tréimhse sin
maidir le haitheantas a thabhairt do chearta leanaí. Is é
United Nations Convention on the Rights of the Child (Na
Náisiúin Aontaithe [UN], 1989) a dhaingnigh Éire i 1992, an
ceann is suntasaí acu sin, chomh maith le bunú roinnt grúpaí
abhcóideachta leanaí chun dul i mbun feachtais ar son
cearta leanaí. Tá athrú inbhraite tagtha freisin ar bheartas
agus ar chleachtas na hÉireann maidir le seasamh agus
cóireáil leanaí sa tsochaí.
Déimeagrafaic agus staitisticí
In 2004, sháraigh daonra na hÉireann ceithre mhilliún den
chéad uair ó dheireadh an naoú céad déag. Is leanaí ó
bhreith go sé bliana d'aois thart ar 10% den daonra seo
(An Phríomh-Oifig Staidrimh [CSO], 2005a). Tá níos mó agus
níos mó daoine ina gcónaí i gcathracha anois, agus is ag
máithreacha aonair a bhíonn thart ar 30% de leanaí.
Tá tionchar freisin ag méadú i rathúlacht gheilleagrach
ar chéatadán na mban atá sa lucht oibre, go háirithe mná
le leanaí. Le deich mbliana anuas, tá méadú tagtha ar
chéatadán na mban sa lucht oibre ó 41.4% i 1995 go dtí
55.8% in 2004 (CSO, 2005a:33).
Níos suntasaí arís, tá 76.8%
de mhná idir 25-34 ag obair anois, agus tá méadú ag teacht
ar líon na máithreacha le leanaí óga atá sa ghrúpa sin (CSO,
2005c:Tábla 9). Mar thoradh ar rathúlacht mhéadaithe tá
níos mó tarraingt ag náisiúnaigh choigríche agus ag oibrithe
eile ar an tír, rud a chuireann le héagsúlacht chultúrtha agus
eitneach shochaí na hÉireann. Mar thoradh ar an rathúlacht
gheilleagrach inbhuanaithe seo, tá an dara ráta is airde GDP
(Olltáirgeacht Intíre) per capita san AE ag Éirinn (CSO,
2005a:18). In ainneoin na rathúlachta seo, tá ceann de na
rátaí is airde bochtaineachta leanaí san AE ag Éirinn fós,
agus 14.6% de leanaí ag maireachtáil faoi bhochtaineacht
leanúnach in 2003 (CSO, 2005b:4).
Ar aon dul leis na hathruithe geilleagracha seo, tá athrú
tagtha freisin ar struchtúr sóisialta shochaí na hÉireann.
Le deich mbliana anuas, rinneadh colscaradh dleathach,
tá meath tagtha ar thionchar na bpríomheaglaisí ar
mhuintir na hÉireann agus tá claonadh ginearálta i dtreo
sochaí níos neamheaglasta. Tá méadú suntasach tagtha ar
thionchar na meán agus ar thionchar domhandaithe, go
háirithe dírithe ar leanaí óga, agus tá Teicneolaíocht
Faisnéise agus Cumarsáide (ICT) le sonrú i ngach gné de
chúrsaí oibre agus caitheamh aimsire. Tá aird tarraingthe
ag cásanna ardphróifíle a bhaineann le mí-úsáid ghnéis
leanaí ar an riachtanas atá ann do chórais chúraim agus
chosanta níos fearr do leanaí.
Le blianta beaga anuas, bunaíodh roinnt doiciméad agus cinntí beartais thábhachtaigh ar dhearcadh shochaí na hÉireann ar leanaí agus dá bharr sin tháinig athrú ar an dearcadh freisin. Is cruthú é foilseachán an Lárionaid, Spléachadh ar an Ardchaighdeán (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, 2004b) ar shaibhreas na ndoiciméad a cuireadh le chéile i gcomhthéacs na hÉireann ó 1990 ar shaincheist na hardcaighdeáin. Tá an bheocht seo le feiceáil go háirithe sna blianta tar éis na mílaoise, rud a léiríonn iarrachtaí na hearnála seirbhísí ar an gcaighdeán is airde a sholáthar. Tabharfaidh an chuid seo aghaidh ar na buaicphointí san aistear seo i dtreo ardcaighdeáin, agus tá tuilleadh faisnéise agus anailíse ar fáil i bhfoilseachán réamhluaite an Lárionaid, Spléachadh ar an Ardchaighdeán. Áirítear orthu sin:
These include:
1990 - 2000
2000
2001
2002
2003
2004
2005
Feidhmíonn an raon breá seo d'fhoilseacháin agus
tionscnaimh bheartais mar shlat tomhais i réimse dearcaí
athraitheacha agus soláthair mhéadaithe do leanaí sa
tsochaí. Feidhmíonn siad freisin mar fhoinse luachmhar
sonraí agus saineolais as ar féidir soláthair COLO don
todhchaí a thógáil. In ainneoin líon agus raon leathan na
bhfoilseachán, agus na dtionscnamh beartais agus
cleachtais, áfach, tá go leor fós le baint amach maidir le
soláthar seirbhísí ar ardchaighdeán dár leanaí is óige.
Cuireann an tuarascáil a tháinig ón Fóram Náisiúnta
Eacnamaíoch agus Sóisialach le deireanas (An Fóram
Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005:33) "…a picture
of relative inaction, peripheral implementation and drift" maidir
le cur i bhfeidhm beartas den sórt sin i gcomhthéacs na
hÉireann agus an gá le straitéisí a chur i bhfeidhm agus a
chomhordú d'fhonn cuspóirí beartais den sórt sin a bhaint
amach. Sa chomhthéacs seo, molann an Fóram Náisiúnta
Eacnamaíoch agus Sóisialach 'Creatlach Beartais' don COLO
don tréimhse 2005-2015. Cuid lárnach den phlean seo is ea
an prionsabal de sheirbhísí ar ardchaighdeán agus éilíonn an
Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach creatlach
rialúcháin d'earnáil an COLO, áit a ndéanfar na rialacháin
reatha agus forálacha Síolta a chomhtháthú (Fóram
Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, 2005:73).
An ní is suntasaí a rinneadh laistigh den chomhthéacs náisiúnta, is ea gur chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, tríd an bPáipéar Bán ar an Oideachas LuathÓige, Ready to Learn (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a), saincheist na hardcaighdeáin chun cinn sa bheartas. Gné lárnach den Pháipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige ab ea saincheisteanna ardcaighdeáin, a d'aithin an chastacht a bhain leis na hathróga statacha agus dinimiciúla den ardcaighdeán a aithint agus a thomhas, agus na peirspictíochtaí ar fad inar bh'fhéidir féachaint ar ardcaighdeán (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:53). Mhol Ready to Learn marc "Quality in Education" (QE) a thabhairt isteach do sheirbhísí a chomhlíonann caighdeáin cáilíochta chomhaontaithe. Shonraigh an Páipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige go gcuirfí curaclam agus modheolaíocht, cáilíochtaí agus oiliúint, agus ionchuir san áireamh mar chaighdeáin cháilíochta, agus tá forbairt déanta ag Síolta ar na moltaí seo.
Tháinig Curaclam na Bunscoile (An Roinn Oideachais agus
Eolaíochta, 1999b) chun cinn ag an am céanna leis an
bPáipéar Bán ar an Oideachas Luath-Óige, agus baineann
ábharthacht ar leith leis mar go bhfuil thart ar leath na
leanaí ar fad atá ceithre bliana d'aois agus beagnach gach
leanbh atá cúig bliana d'aois ag freastal ar ranganna
naíonán sna bunscoileanna lena mbaineann an curaclam seo
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004a:15). Luaitear
ardchaighdeáin ar an gcéad phríomh-shaincheist in
oideachas bunscoile agus cuirtear béim ar an tábhacht a
bhaineann leis an gcuraclam do sheirbhísí ardchaighdeáin
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999b:26 Réamhrá).
In 2004, d'fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus
Measúnachta (NCCA) I dTreo Creatlach don Luathfhoghlaim -
Doiciméad Comhairliúcháin, le súil "…deiseanna foghlama atá
saibhir, dúshlánach agus taitneamhach mar is cuí a chur ar fáil do
leanaí ó bhreith go dtí sé bliana d'aois." (An Chomhairle
Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, 2004:14). Tiocfaidh
creatlach curaclaim An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus
Measúnachta agus Síolta le chéile chun seirbhísí ar
ardchaighdeán a bhaint amach dár leanaí is óige. Le gairid,
luann Comhionannas Deiseanna a Sholáthar i Scoileanna (DEIS)
gur gné ríthábhachtach é oideachas na luath-óige maidir le cuimsiú oideachais a chinntiú do chách (An Roinn Oideachais
agus Eolaíochta, 2005).
Fianaise bhreise ar an spéis atá ag an tsochaí i raon agus
caighdeán na seirbhísí a fheabhsú is ea rannpháirtíocht na
hÉireann in Athbhreithniú na hEagraíochta um Chomhar agus
Fhorbairt Eacnamaíochta ar COLO. Thug an tAire Oideachais
agus Eolaíochta aitheantas dó seo sa Réamhrá don Thematic
Review of Early Childhood Education and Care Policy in Ireland:
"Research has shown that access to quality pre-school services
plays a vital role in preparing children for entry into primary
education. It also has potentially significant long-term benefits
both to the individual and society"
(An Roinn Oideachais agus
Eolaíochta, 2004b:Foreword)
Mhol Athbhreithniú An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta go leor gnéithe a bhaineann le soláthar in Éirinn, lena n-áirítear earnáil dheonach agus pobail ghníomhaigh, líonra oideachais luath-óige seanbhunaithe laistigh de ranganna naíonán sna bunscoileanna agus spiorad láidir comhpháirtíochta ar leibhéal áitiúil. D'aithin sé freisin, áfach, roinnt gnéithe laga sa chóras, le moltaí ag díriú ar ghnéithe a bhain le comhordú, rochtain agus ardchaighdeáin. Maidir le hardchaighdeáin, d'athluaigh athbhreithniú An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta an tábhacht a bhaineann le:
"The formulation of a common Quality Framework for centrebased
programmes for young children, focusing on agreed
standards for services. A Quality Framework would include a
description of what families can expect from centres, whether
public or private…"
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta,
2004b:9)
Comhthéacs cleachtais náisiúnta
Tá éagsúlacht soláthair seirbhíse do leanaí ó bhreith go sé
bliana d'aois in earnáil an COLO in Éirinn, rud a shamhlaítear
mar phríomhláidreacht maidir le rogha tuismitheoirí. Áirítear
ar an raon seirbhísí agus suíomh sin, mar shampla, feighlíocht
leanaí, naíolanna, creiseanna, spraoighrúpaí, grúpaí naíonraí,
réamhscoileanna agus ranganna naíonán i mbunscoileanna.
Tá forbairt tagtha ar na suímh seo ó raon traidisiún agus
bunús, agus gníomhaíonn siad faoi scáth fealsúnachtaí
éagsúla, ach fós féin tá siad aontaithe ag a bpríomhdhualgas
oibre, is é sin cúram agus oideachas an linbh óig. Tá formhór
na suíomh seo (seachas scoileanna agus feighlithe leanaí ar
leith) á rialú ag na Rialacháin um Sheirbhísí Cúraim Leanaí
(Réamhscoil) (DHC, 1998). Tá reachtaíocht do ranganna
naíonán na mbunscoileanna, a fhreastalaíonn ar fhormhór na
leanaí atá ceithre agus cúig bliana d'aois, san Acht Oideachais
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1998) agus san Acht
Oideachais (Leas) (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2000).
Faoi láthair, níl mórán ceangail nó pointí tagartha idir an dá
chóras rialacháin agus iniúchta sin.
Seachas ranganna naíonán i mbunscoileanna, is seirbhísí
pobail/deonacha nó príobháideacha iad formhór na seirbhísí
seo. Faigheann siad maoiniú ó tháillí nó ó thacaíocht ó raon
rann rialtais, go háirithe an Roinn Sláinte agus Leanaí agus an
Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Tá
baint ag an Roinn Sláinte agus Leanaí le seirbhísí réamhscoile
a sholáthar do líon áirithe leanaí faoi mhíbhuntáiste nó atá i
mbaol. Lena chois sin, déanann an Roinn Sláinte agus Leanaí
iniúchadh ar chur i bhfeidhm Rialachán Réamhscoile sna
suímh COLO réamhluaite. Is ar shláinte, sábháilteacht agus
leas an linbh is mó a chuireann na rialacháin béim chomh
maith le comhlíonadh le reachtaíocht a chinntiú.
Is trí a dualgas oibre comhionannais maidir le rannpháirtíocht
ban sa lucht oibre is mó a bhfuil baint ag an Roinn Dlí agus
Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an COLO.
Sa bhliain 1999, chuir an Roinn sin Straitéis Náisiúnta Leanaí
(DJELR, 1999) chuimsitheach le chéile, agus tá roinnt de na
moltaí sa straitéis sin á gcur i bhfeidhm tríd an gClár
Comhdheiseanna Cúraim Leanaí (EOCP). Le linn na tréimhse
2000-2006, tá An Clár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí ag cur
€449 milliún ar fáil d'fhorbairt cúraim leanaí; chun a
chaighdeán a fheabhsú, chun cainníocht a mhéadú agus chun cur chuige comhordaithe i leith seachadadh seirbhíse
a thabhairt isteach (DJELR, 2004:11). Tá snáithe ar leith
laistigh den gClár Comhdheiseanna Cúraim Leanaí, ar a
bhfuil €85 milliún leithdháilte, tiomanta d'fheabhsúchán
ardchaighdeán i suímh COLO trí oideachas agus oiliúint
a sholáthar agus trí ghréasáin tacaíochta a bhunú do
sholáthróirí cúraim leanaí (Area Development Management
[ADM], 2003). Tá an snáithe seo á chur i bhfeidhm go
príomha trí thacú le baill den Chomheagraíocht Náisiúnta
Deonach um Chúram Leanaí (NVCC)3 agus líonra de thríocha
trí Coiste Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta roinnt
áiseanna réamhscoile ar fáil ar bhonn spriocdhírithe do
leanaí faoi mhíbhuntáiste nó i mbaol a bheith faoi
mhíbhuntáiste, go háirithe Tionscadal Shráid Rutland,
Réamhscoileanna don Lucht Siúil agus Tús Luath, agus tá
an Roinn sin freagrach as na ranganna naíonán sna
bunscoileanna freisin.
Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha
Le deich mbliana anuas, rinneadh forbairt ar raon leathan
seirbhísí COLO lasmuigh den teaghlach, san earnáil
dheonach/phobail agus phríobháideach den chuid is mó.
Áirítear orthu sin feighlíocht leanaí, altramas lae, grúpaí
naíonraí, spraoighrúpaí, creiseanna, spraoighrúpaí pobail,
naíonraí lae agus réamhscoileanna. Go traidisiúnta, ní raibh
go leor acmhainní ná go leor forbartha déanta ar an
eilimint neamhreachtúil seo de sheirbhísí an COLO agus tá
an struchtúr reatha fós i dtús forbartha. Bunaíodh
eagraíochtaí ballraíochta chun tacú leis na seirbhísí sin, agus
tá baint ag an gcuid is mó de na heagraíochtaí ballraíochta
anois le comhoibriú níos fearr trína rannpháirtíocht san
NVCC. Bhí páirt mhór ag na heagraíochtaí seo maidir
le tacaíocht a chur ar fáil agus maidir le doiciméid a chur
le chéile chun seirbhísí ar ardchaighdeán a chur chun cinn
i measc a mball (féach An Lárionad um Fhorbairt agus
Oideachas an Luath-Óige, 2004b).
Bhí baint ag forbairtí a tharla le gairid in earnáil an COLO
in Éirinn le roinnt de na heagraíochtaí sin agus iad ag forbairt
agus ag cur i bhfeidhm clár um dhearbhú ardchaighdeán
agus clár um fheabhsúchán ardchaighdeán. Fuarthas formh
ór an mhaoinithe dóibh sin faoin gClár Comhdheiseanna
Cúraim Leanaí (2000-2006). Cé go bhfuil difríochtaí idir
comhdhéanamh agus stíl chuir i bhfeidhm na gclár éagsúil
seo, léirigh scrúdú ar an ábhar atá iontu agus ar a modus
operandi a rinne an Lárionad, comhsheasmhacht agus
comhaontú suntasach ina bpríomhphróisis (An Lárionad um
Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004:81). Chuir Síolta
leis an gcomhaontú seo d'fhonn a chinntiú go n-úsáidfear an
saineolas a forbraíodh laistigh d'earnáil an COLO chun
seirbhísí ar ardchaighdeán a chinntiú dár leanaí is óige.
Lena chois sin, feidhmeoidh sé mar phointe tagartha
coitianta agus mar chreatlach áit ar féidir le tionscnaimh
dearbhaithe/feabhsúcháin eile gníomhú.
Tá an Lárionad thar a bheith sásta leis an bhfreagairt dhearfach ón earnáil maidir le forbairt Síolta. Ón tús, fuair an Lárionad tacaíocht iontach ón earnáil ar fad agus dá bharr sin cuireadh fóram ar fáil chun saincheisteanna ardchaighdeán a phlé ag comhdhálacha agus seimineáir éagsúla. Is fiú Comhdháil Idirnáisiúnta an Lárionaid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath a bhí ar siúl i Meán Fómhair 2004 a lua. Questions of Quality a bhí mar theideal ar an gcomhdháil (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2005a). Thug an chomhdháil seo éagsúlachtaí peirspictíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta le chéile ar ardchaighdeán sa COLO agus is próiseas thar a bheith luachmhar a bhí ann agus an Lárionad agus an Chreatlach á bhforbairt.
Go traidisiúnta ní raibh go leor forbartha nó acmhainní ar
fáil do thaighde ar an COLO in Éirinn. Thug Iniúchadh Taighde
an Lárionaid faoi deara gur luadh "...saincheist na cáilíochta
mar ghné lárnach." (An Lárionad um Fhorbairt agus
Oideachas an Luath-Óige, 2003a:52) i ngach foilseachán rialtais le deireanas maidir le COLO. Maidir le taighde ag díriú
go sonrach ar shaincheist na hardchaighdeán, áfach, is beag
gníomhaíocht a bhí ann ar chor ar bith i gcomhthéacs na
hÉireann. Léirigh an t-iniúchadh nár bhain ach caoga trí den
1,082 foilseachán liostaithe go díreach le saincheist na
hardchaighdeán. Is mór an t-iontas é seo nuair a chuimhnítear
ar an leibhéal ard díospóireachta a bhaineann le
hardchaighdeán in Éirinn, mórán dó sin nach bhfuil bunús an
taighde dhúchasaigh leis. Tá tús curtha ag Research Strategy an
Lárionaid (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an
Luath-Óige, 2003b) le haghaidh a thabhairt ar an easpa
taighde sin trí thionscadail taighde a bhaineann le
hardchaighdeán a chríochnú, a choimisiúnú agus trí thacú leo.
Tá sé seo le feiceáil san fhoilseachán ar shraith táscairí deabhraistinte
linbh (NCO, 2005) agus taighde eile déanta ag
ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile.
Chomh maith leis sin, tá méadú tagtha ar an tsuim atá i saincheist na hardchaighdeán i measc an phobail taighde níos leithne, mar atá le feiceáil ón méadú atá tagtha ar fhoilseacháin taighde ar ardchaighdeán le deireanas atá luaite in Spléachadh ar an Ardchaighdeán (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b). Ina theannta sin, de bharr athbheochan chomhdháil OMEP Ireland ón mbliain 2002 agus leathnú ar fhóraim chosúla eile do roinnt agus scaipeadh faisnéise, tá feabhas tagtha ar áisiúlacht agus inrochtaineacht faisnéise den sórt sin. Is fianaise bhreise ar an méadú atá tagtha ar an gcomhthéacs taighde é gur thionóil Éire Comhdháil EECERA i mí Mheán Fómhair 2005. Tharla sé seo ag an am céanna agus a tháinig deiseanna níos mó chun cinn d'oiliúint agus oideachas iarchéime sa COLO i roinnt coláistí agus ollscoileanna tríú leibhéal, rud a chuir leis an méid saineolais taighde atá ar fáil in Éirinn.
Is léiriú ar threochtaí idirnáisiúnta é an phróifíl mhéadaithe atá
ag an COLO in Éirinn. Aithníodh é seo i dTuarascáil na
hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta
(OECD), Starting Strong (OECD, 2001:135), a chuir béim ar an
bpointe "…quality is high on the agenda…". Tá sé cruthaithe ag
taighde idirnáisiúnta, go háirithe staidéir fhadtréimhseacha,
go bhfuil nasc idir soláthar ardchaighdeán agus torthaí
forbarthacha dearfacha fadtréimhseacha do leanaí (Sammons
et al., 2002, Mooney et al., 2003). Cinntíonn buntáistí an COLO
maidir le torthaí dearfacha sóisialta, oideachais agus
mothúchánacha, a laghdaíonn na drochéifeachtaí a bhaineann
le bochtaineacht agus míbhuntáiste agus a chuireann
comhdheiseanna chun cinn d'fhir agus do mhná, go mbíonn
tús áite aige i mbeartais roinnt mhaith tíortha (Martin, 2001).
Ceann de na piléir thaighde a thacaíonn le forbairt Síolta ba ea athbhreithniú idirnáisiúnta ar ardchaighdeán i sé thír, Making Connections (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004c). Léiríonn an staidéar seo ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta raon agus fairsinge na múnlaí soláthair COLO i bhfeidhm, gach ceann acu ag feidhmiú go rathúil ina ndlínsí féin. Léirigh an t-athbhreithniú nach bhfuil aon mhúnla idéalach amháin ann agus gurb é gnó gach tír córas COLO a fhorbairt a thagann lena suíomh ar leith. Mar shampla, d'fhéadfadh múnla atá thar a bheith rathúil i gcomhthéacs amháin a bheith neamhfheiliúnach go hiomlán do chomhthéacs eile, agus cé gur féidir linn ceachtanna a fhoghlaim ó dhlínsí eile, moltar go láidir gan múnlaí eachtrannacha a úsáid. Seo a leanas cuid de na hollcheachtanna atá le foghlaim, gnéithe atá coitianta d'ardchaighdeán a bhaint amach go hidirnáisiúnta:
Lena chois sin, d'aithin an t-athbhreithniú contanam
ardchaighdeán a bhí le brath sna sé thír a bhí faoi
athbhreithniú, ag dul ó sheirbhísí COLO domhanda ar
bhain soláthar ar chaighdeán íseal leo go dtí seirbhísí ar
ardchaighdeán. Tá dul chun déanta ag an Iorua agus ag
an tSualainn, a bhfuil córais COLO inmhaíte acu anois, ar
an gcontanam seo le blianta anuas chun a seasamh reatha
a bhaint amach. Cé go bhfuil seirbhísí COLO san Iorua agus
sa tSualainn neamhrialaithe den chuid is mó faoi láthair,
is tréimhse de rialúchán lárnach agus dian a bhí i bhfeidhm
roimhe seo, agus bhí tionchar dearfach aige sin ar a
hardchaighdeán. Cuireann sé sin ar chumas tíortha den
sórt sin béim níos mó a chur ar na gnéithe dinimiciúla
d'ardchaighdeán mar go bhfuil caighdeán na n-athróg
statach dearbhaithe anois. Tá Éire, agus tíortha eile san
athbhreithniú, ag staid níos luaithe forbartha ar an
gcontanam seo. Cuireann Síolta an contanam forbartha seo
san áireamh, rud a léiríonn feasacht ar sheasamh reatha na
hÉireann ar an gcontanam agus a bheartaíonn dul chun cinn
níos mó de sheirbhísí COLO.
Ina theannta sin, ghlac Éire páirt i roinnt athbhreithnithe trasnáisiúnta maidir leis an COLO a fuair sonraí luachmhara ina leith seo (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2004b:39-42).
Foilsítear Síolta ag am a bhfuil béim náisiúnta agus
idirnáisiúnta nach bhfacthas riamh cheana ar shaincheist
seirbhísí COLO ar ardchaighdeán, agus a ról maidir le
feabhas a chur ar an saol dár leanaí is óige. Tiomsaíonn
sé agus bailíonn sé comh-mhóiminteam earnáil an COLO
le blianta beaga anuas i dtreo ardchaighdeán a bhaint
amach agus cuireann sé pointe tagartha ar fáil dóibh siúd
ar fad atá bainteach le seirbhísí COLO san iarracht seo.
Tá obair mhór déanta le deich mbliana anuas i dtreo
comhthéacs beartais, cleachtais agus taighde a sholáthar
a thacaíonn le soláthar ardchaighdeán dár leanaí is óige.
Tá infheistíocht na hÉireann i seirbhísí COLO níos lú ná 0.2% den Olltáirgeacht Náisiúnta, áfach, figiúr i bhfad taobh thiar den mheán Eorpach (OECD, 2004). Is páirtí gníomhach í Éire san Aontas Eorpach le blianta anuas agus tá a síniú le conclúidí Chomhairle Eorpach Barcelona (2002) chun cúram leanaí a sholáthar faoi 2010 do 90% ar a laghad de leanaí idir trí bliana agus sé bliana d'aois, agus do 33% de leanaí faoi thrí bliana d'aois (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2004b:20). Cé go bhfuil go leor bainte amach, tá Éire tiomanta i bhfad níos mó a bhaint amach sna blianta amach romhainn, tiomantas a rachaidh chun sochair leanaí uile na hÉireann, agus ar deireadh a rachaidh chun sochair na sochaí ina hiomláine.