An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Réamhrá | Téarmaíocht | Ábhair an phacáiste | Réamh-lámhleabhar | Lámhleabhair cheangailte | Prionsabail Cháilíochta | Caighdeáin Cháilíochta | Comhpháirteanna Cáilíochta | Deiseanna Mhachnaimh | Rannóg na nAcmhainní | Aguisíní | Ábhair bhreise
Fáilte chuig Síolta - An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d'Oideachas na Luath-Óige in Éirinn. Léiríonn na hábhair atá á gcur i láthair sa phacáiste seo an obair eagraithe atá déanta ag raon leathan páirtithe leasmhara in earnáil chúram agus oideachas na luath-óige (COLO) in Éirinn1. Leath an próiseas cruthaitheach, a raibh an foilseachán seo mar thoradh air, thar thréimhse trí bliana, 2002 - 2005, agus is iarracht dhúshlánach agus thairbheach a bhí ann.
Is mór a chuireann foilsiú Síolta le príomhchuspóir an Pháipéir Bháin ar an Oideachas Luath-Óige, Ready to Learn, arna fhoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (DES), a bhaint amach:
"The objective of this White Paper is to facilitate the development of a high quality system of early childhood education. Achieving this objective requires progress across a wide spectrum of areas, including curriculum, training and qualifications and the quality and quantity of inputs (staff, equipment and materials."
(An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:43)
Mar thoradh ar an doiciméad beartais thábhachtaigh seo bunaíodh an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige (An Lárionad) faoi bhainistíocht Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Comhaontaíodh Clár Oibre cuimsithí leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta don Lárionad (An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas an Luath-Óige, 2001), a dhírigh ar na trí chuspóir seo a leanas:
Comhlíonann Síolta an chéad cheann de na cuspóirí sin agus
cuireann sé fréamhshamhail i láthair den Chreatlach
Náisiúnta Cáilíochta in oideachas na luath-óige.
Dearadh ábhair Síolta d'fhonn cabhrú le gach duine lena mbaineann soláthar oideachais luath-óige ar ardchaighdeán in Éirinn a bheith rannpháirteach san aistear forbarthach i dtreo luatheispéiris saoil leanaí óga, na heispéiris is tábhachtaí go deimhin, a fheabhsú agus a shaibhriú.
D'aithin Ready to Learn go soiléir go mbíonn oideachas luathóige ar bun i raon leathan suíomh in Éirinn agus cuireann sé béim go deimhin ar an bpointe tábhachtach, "...we must recognise that young children have needs for both education and care and that the focus can never be exclusively on either." (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 1999a:3).
Tá sé seo le sonrú i ndualgas oibre an Lárionaid mar a luadh sa Chlár Oibre comhaontaithe a luann, agus é ag tagairt d'fhorbairt ar shonraí na Creatlaí Náisiúnta Cáilíochta,
"These guidelines will have to be adaptable for use in a wide range
and variety of settings in which integrated care and education is
provided to children from birth to six. These settings include
relatively informal childminding arrangements, preschools,
playgroups, crèches and nurseries all of which can be organised
as private enterprises or as community-based initiatives and which
may or may not be in receipt of State funding. They also include
the infant classes of primary schools where the guidelines will be
relevant to initiatives such as Whole School Evaluation and School
Development Planning."
(An Lárionad um Fhorbairt agus
Oideachas an Luath-Óige, 2001:4)
Baineann ábharthacht le Síolta maidir le hobair raon leathan cleachtóirí COLO in ainneoin comhthéacs a gcleachtais. Lena chois sin, is féidir leis faisnéis luachmhar a sholáthar do ghairmithe eile a n-éilíonn a gcuid oibre orthu a bheith ag idirghníomhú le leanaí óga agus a dteaghlaigh. Táthar ag súil go mbeidh tairbhe le baint ag tuismitheoirí agus ag teaghlaigh as an bhfaisnéis, agus go mbeidh an fhaisnéis mar thacaíocht dóibh ina ról mar phríomhoideoirí a leanaí. Táthar ag súil go mbeidh tairbhe ag baint le Síolta ar go leor leibhéal i suímh chleachtais. Mar shampla mar,
Tacóidh sé freisin le próisis mheasúnaithe fhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, nó go deimhin beidh sé ann chun comhthuiscintí a chur chun cinn i measc raon leathan aosach a mbíonn tionchar acu ar luatheispéiris leanaí óga.
Mar atá luaite cheana, príomhthuiscint a bhaineann le Síolta is ea go bhfuil dlúthnasc idir cúram agus oideachas maidir le foghlaim agus forbairt leanaí óga. In Éirinn, glactar leis an téarma 'cúram agus oideachas na luath-óige' (leis an ngiorrúchán 'COLO') agus baintear úsáid fhorleathan as i ndioscúrsa a bhaineann le hoideachas na luath-óige. Tá tacaíocht láidir faighte ag an téarma seo ó raon éagsúil páirtithe leasmhara i soláthar seirbhísí do leanaí óga, mar go neartaíonn sé an nádúr doscaoilte a bhaineann le cúram agus oideachas atá riachtanach chun eispéiris luathfhoghlama ar ardchaighdeán a sholáthar. Tá tionchar comhaontaitheach ag an téarma freisin do na haosaigh ar fad a bhfuil baint acu le seirbhísí a sholáthar agus is féidir ceangal a dhéanamh leis, is cuma cén comhthéacs cleachtais atá i gceist. Ar na cúiseanna seo, tá an téarma 'COLO' glactha ag an Lárionad i ngach foilseachán a bhaineann le forbairt Síolta.
Le chéile, cruthaíonn ábhar an phacáiste fréamhshamhail do phróiseas um dhearbhú ardchaighdeán náisiúnta do shuímh oideachais na luath-óige in Éirinn. Táthar ag súil, sna míonna agus sna blianta amach romhainn, go mbeidh an fhréamhshamhail seo mar bhunús do chur i bhfeidhm praiticiúil na físe ardchaighdeán in oideachas na luath-óige atá ar fáil i Síolta. Is fís í seo ina dtugtar cothromaíocht rochtana do gach leanbh ar dheiseanna oideachais luathóige, deiseanna a shaibhríonn an saol dóibh agus a chuireann go mór lena ndea-bhraistint, foghlaim agus forbairt.
Creatlach dhinimiciúil agus athraitheach is ea Síolta. Déanfar é a nuashonrú ar bhonn rialta, ar dtús de bharr torthaí ó phróiseas píolótach, ach san fhadtréimhse chun nádúr athraitheach earnáil an COLO in Éirinn a léiriú. Tá sé deartha ionas go mbeidh sé úsáideach do chleachtóirí (ina n-aonair agus mar chuid d'fhoireann) agus d'fhoireann tacaíochta d'ardchaighdeán a bheidh rannpháirteach sa phróiseas cuir i bhfeidhm agus measúnaithe.
Tá roinnt eilimintí i bpacáiste Síolta. Ina measc tá réamhlámhleabhar, ceithre lámhleabhar ceangailte, póstaer agus bileog a bhaineann leis an dá Phrionsabal Cáilíochta déag, agus CD ROM leis na hábhair réamhluaite ar fad agus ceithre 'philéar' taighde a chuireann na príomhthacaíochtaí ar fáil don phróiseas forbartha.
Seo a leanas codanna an lámhleabhair seo:
Tá an Chreatlach seo deartha chun cur ar chumas suímh oideachas na luath-óige meastóireacht a dhéanamh ar a leibhéal soláthair ardchaighdeán agus chun caighdeán na seirbhíse atá á sholáthar acu a chinneadh. Laistigh den chomhthéacs seo, aithneoidh Síolta gnéithe cleachtais atá rathúil laistigh den suíomh chomh maith le gnéithe a aithint a bhfuil aird agus feabhas ag teastáil uathu. Ar an gcaoi seo, gníomhaíonn sé mar uirlis chun feabhas agus pleanáil leanúnach d'ardchaighdeán a chur chun cinn.
Sna lámhleabhair úsáideora cheangailte tá na príomheilimintí a bhaineann le Síolta a bheidh in úsáid ag cleachtóirí. Díríonn gach lámhleabhar ar cheann de na suímh seo a leanas:
Dearadh na lámhleabhair ionas go mbeidís éasca le n-úsáid agus tá treoracha soiléire d'úsáid le fáil ag tús gach ceann acu. Seo a leanas an méid atá le fáil i ngach lámhleabhar:
ardchaighdeán agus soláthar seirbhíse in oideachas na luath-óige.
Sna sé Chaighdeán déag náisiúnta cuirtear san áireamh na réimsí cleachtais a bhfuiltear le haghaidh a thabhairt orthu agus aistríonn siad an fhís maidir le hardchaighdeán atá le fáil sna prionsabail isteach i gcleachtas.
Cuireann siad seo táscairí ardchaghdeáin ar fáil do na cleachtóirí ar fad agus Síolta á chur i bhfeidhm acu. Baineann na Comhpháirteanna seo go díreach leis na Caighdeáin agus tá siad ann chun iad a bhriseadh síos ina bpáirteanna níos dírithe agus níos sonraí.
Feidhmíonn siad seo mar threoirlínte féin-athmhachnaimh do chleachtóirí le smaoineamh ar chleachtas reatha, agus chun gnéithe atá dearfach a aithint chomh maith leis na gnéithe sin nach mór aird a thabhairt orthu. Dearadh iad seo chun tacú leis an bpróiseas caidrimh a ndearnadh tagairt dó níos túisce maidir leis na Caighdeáin a bhaint amach. Is féidir le cleachtóirí aonair nó le grúpaí/foirne atá ag pleanáil do shuíomh iomlán iad a úsáid. Nuair ba chuí, cuireadh na Deiseanna Mhachnaimh i bhfeidhm thar thrí réimse aoise eadhon ó bhreith - 18 mí, 12 - 36 mí agus 2 - 6 bliana. Is mar shamplaí ní mar leideanna amháin a chuirtear na Deiseanna Mhachnaimh agus na liostaí 'Smaoinigh ar' a thagann in éineacht leo ar fáil. Níl gach rud iontu agus táthar ag súil go gcuirfidh gach duine atá ag baint úsáide as Síolta a chuid féin leo bunaithe ar a gcleachtas féin, agus i ndáiríre, iad a chur in oiriúint dá chomhthéacs féin.
Ag deireadh gach lámhleabhar, tá rannóg ghearr maidir le hacmhainní curtha ar fáil againn. Tugann sé seo roinnt foinsí ábhar agus faisnéise chun tacú le cleachtóirí agus iad ag obair le gnéithe éagsúla Síolta. Sa rannóg seo tá comhairle ar fhoilseacháin agus físeáin, ábhair thacaíochta, cúrsaí, seoltaí do láithreáin ghréasáin chuí in Éirinn agus thar lear, agus sonraí teagmhála eagraíochtaí COLO a bheadh mar chabhair nó a mbeadh spéis ag daoine iontu. Níl gach rud sa rannóg seo, ach feidhmíonn sí mar bhunús láidir d'ábhair acmhainní, a bhfuiltear ag súil a chuirfidh cleachtóirí agus suímh a gcuid féin leis agus iad ag obair trí na hábhair.
Nóta ar Thras-tagairtí
Tá trí Aguisín ann:
Cuireadh na hábhair seo sa phacáiste chun tacú le húsáid agus roinnt Síolta le pobal chomh leathan agus is féidir. Áirítear orthu sin: