Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige







Síolta - Lámhleabhar Tosaigh

Gluais

Aistrithe

Tagraíonn aistrithe do ghluaiseacht/aistriú linbh/leanaí chuig, laistigh agus ó chás nó suíomh.


Aosach

Seo é an téarma a úsáidtear sa Chreatlach trí chéile le cur síos a dhéanamh ar raon na n-aosach (tuismitheoirí/caomhnóirí, daoine proifisiúnta, mórtheaghlach, etc.) a bhíonn ag idirghníomhú leis an leanbh/na leanaí. Uaireanta baintear úsáid as teidil shonracha cosúil le cleachtóir nó múinteoir, i gcomhthéacsanna áirithe laistigh de shuímh ar leith.


Beartas/beartais

I gcomhthéacs na Creatlaí, ráitis scríofa comhaontaithe iad na beartais a chinneann an cleachtas a bhíonn i réimse Caighdeáin ar bith.


Cáilíocht

Seo gradam a bhronnann, a dheonaíonn nó a thugann comhlacht dámhachtana agus a thaifeadann go bhfuil caighdeán eolais, scile nó cumais bainte amach ag foghlaimeoir (NQAI, 2005).


Cleachtas athmhachnamhach

Tagraíonn sé seo don stíl oibre i suíomh COLO, a bhaineann le hathbhreithniú rialta agus dianathbhreithniú a dhéanamh ar chleachtas trí athmhachnamh.


Cleachtóir

I gcomhthéacs na Creatlaí, úsáidtear an téarma cleachtóir i gcás grúpa ar leith, áit a gciallaíonn sé aosach ar bith atá ag obair i suíomh COLO agus ag fáil íocaíochta.


Comhionannas

Léirítear comhionannas, i gcomhthéacs na Creatlaí seo, trí mheas, tiomantas do chomhpháirtíocht agus cóireáil chothrom do gach leanbh agus do gach aosach. Ciallaíonn comhionannas, maidir le leanaí go sonrach, gur cheart go mbeadh rochtain ag gach leanbh ar sheirbhísí sna blianta tosaigh den saol, go mbeadh siad rannpháirteach sna seirbhísí sin agus go mbainfeadh siad leas astu ar bhonn cothroim, "…beag beann ar chine, dath, inscne, teanga, reiligiún, dearcadh polaitiúil nó dearcadh ar bith eile, bunús náisiúnta, eitneach nó sóisialta, maoin, míchumas, breith nó stádas ar bith eile, an linbh nó a t(h)uismitheoirí nó a c(h)aomhnóirí dlíthiúla." (Na Náisiúin Aontaithe, 1989:Airteagal 2)


Comhpháirtí/Comhpháirtíocht

I gcomhthéacs na Creatlaí, ciallaíonn sé seo idirghníomhú le duine/daoine (aosach nó leanbh) eile, le hurraim agus meas ar chearta an duine/na ndaoine eile, ag tabhairt a róil éagsúla, ach comhlántacha, faoi deara.


Cur Chuige Iomlánaíoch

I gcomhthéacs na Creatlaí, ciallaíonn sé seo go bhfuil na gnéithe éagsúla d'fhorbairt agus foghlaim linbh idirspleách agus idirghaolmhar.


Curaclam

Tagraíonn curaclam do na heispéiris foghlama ar fad, bíodh siad foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, pleanáilte nó neamhphleanáilte, a chuireann le forbairt linbh. (NCCA, 2004:2)


Cúram agus oideachas

Measann an Chreatlach seo gur eispéiris idirspleácha i saol an linbh óig iad cúram agus oideachas.


Dea-bhraistint

Tagraíonn dea-bhraistint do ghnéithe uile fisiceacha, mothúchánacha, morálta, sláinte spioradálta agus deabhraistinte an linbh, boinn riachtanacha maidir le luathfhoghlaim agus foghlaim ina dhiaidh sin. (NCCA, 2004:3)


Éagsúlacht

Laistigh de chomhthéacs Síolta, baintear úsáid as an téarma seo le cur síos a dhéanamh ar dhifríochtaí idir dhaoine bunaithe ar inscne, aois, dath craicinn, teanga, claonadh gnéis, eitneachas, cumas, reiligiún, cine nó fachtóirí eile a bhaineann le cúlra an duine cosúil le struchtúr teaghlaigh, cúinsí geilleagracha, etc.


Fealsúnacht

I gcomhthéacs na Creatlaí, is éard atá i gceist le fealsúnacht ná léargas ar na luachanna agus na prionsabail a thacaíonn leis an obair i suíomh COLO.


Feiliúnach ó thaobh forbartha de

Is iondúil go mbíonn gníomhaíochtaí feiliúnach ó thaobh forbartha de nuair a léiríonn siad aois ar leith agus céim forbartha linbh. (NCCA, 2004:2)


Féiniúlacht agus muintearas

Tagraíonn féiniúlacht do na tréithe iompraíochtaí agus tuiscintí féiniúlachta a d'fhéadfadh a bheith ag leanaí. Uaireanta bíonn tréithe áirithe le feiceáil i leanbh amháin agus uaireanta eile bíonn na tréithe céanna sin le feiceáil i leanaí eile. Cuireann comhfhéiniúlachtaí ar chumas leanaí muintearas a fhorbairt nó dlúthghaolmhaireacht nó finíocht le grúpa áirithe. (NCCA, 2004:2)


Foghlaimeoir cumasach

Laistigh den Chreatlach, breathnaítear ar an leanbh amhail is go bhfuil scileanna agus cumais foghlama aici/aige ó bhreith. Is féidir na scileanna agus na cumais seo a fheabhsú trí na hidirghníomhaíochtaí a dhéanann sí/sé le teaghlach, le piaraí, le haosaigh agus leis an domhan go ginearálta.


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD)

Is éard atá i gceist leis seo ná na scileanna agus an t-eolas atá ag teastáil ó chleachtas gairmiúil rathúil a nuashonrú ar bhonn leanúnach. (DJELR, 2002:36)


Idirghníomhaíochtaí

Tagraíonn idirghníomhaíochtaí, i gcomhthéacs na Creatlaí, do na malartuithe (briathartha, neamhbhriathartha, fisiceacha, pleanáilte, spontáineacha etc.), a tharlaíonn ag am ar bith i rith an ghnáthaimh laethúil idir na daoine ar fad (leanaí agus aosaigh) atá i láthair sa suíomh.


Leanbh/leanaí

Baineann an Chreatlach seo le páistí uile ó bhreith go sé bliana d'aois, beag beann ar chumas, eitneachas, stádas socheacnamaíoch, cúlra, stádas teaghlaigh, nó téarma sonrach ar bith eile. Déantar cur síos air seo mar chur chuige uilechoiteann, agus sa Chreatlach seo ciallaíonn sé go n-áirítear gach uile leanbh ina bhforálacha.


Luath-óige

Chun críocha na Creatlaí seo, tagraíonn luath-óige don tréimhse ó bhreith go sé bliana d'aois.


Nós Imeachta

Cleachtas comhaontaithe is ea nós imeachta a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha a bhíonn ar siúl go rialta, go leanúnach agus ar bhonn intuartha sna suímh ar fad, e.g., ag dul amach faoin aer.


Oideolaíocht

Ciallaíonn oideolaíocht, i gcomhthéacs na Creatlaí, cur chuige iomlánaíoch maidir le foghlaim agus forbairt linbh, a chuireann cúram agus oideachas san áireamh.


Páirtí Leasmhar

I gcomhthéacs na Creatlaí, is iad na páirtithe leasmhara na daoine, grúpaí, eagraíochtaí, etc., a bhfuil baint acu le nó suim acu i gcúram agus oideachas na luath-óige.


Peirspictíocht an Linbh Uile

Glacann an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta peirspictíocht an linbh uile atá comhsheasmhach le The National Children's Strategy (DHC, 2000:24).


Príomh-Oibrí

Is éard atá sa phríomhoibrí ná an t-aosach atá ainmnithe mar an príomhchúramóir, a chuireann leanúnachas ar fáil don leanbh agus mothaíonn an leanbh sábháilte leis an duine sin mar gheall ar an gceangal atá aici/aige leis an duine sin.


Próiseas/próisis

Baineann an téarma 'próiseas', i gcomhthéacs na Creatlaí, le nádúr seasmhach agus leanúnach na n-idirghníomhaíochtaí a tharlaíonn sa suíomh go laethúil. Ní gá go mbeidís seo beartaithe, ach d'fhéadfadh siad tarlú i gcomhthéacs na mbeartas comhaontaithe, e.g., cruinniú neamhfhoirmiúil le tuismitheoirí.


Rannpháirtíocht pobail

Tagraíonn rannpháirtíocht pobail, laistigh den Chreatlach, do chomhtháthú agus naisc idir dhaoine, a dteaghlach, seirbhísí agus gníomhaireachtaí laistigh den phobal áitiúil agus an tsochaí go ginearálta.


Riachtanais speisialta

Seo a leanas an sainmhíniú ar leanaí le riachtanais speisialta i gcomhthéacs na Creatlaí "…those whose disabilities and/or circumstances prevent or hinder them from benefiting adequately from the education which is normally provided for pupils of the same age, or for whom the education which is generally provided in the classroom is not sufficiently challenging." (An Roinn Oideachais, 1993:18)


Spraoi

Áiríonn spraoi, i gcomhthéacs na Creatlaí, na gníomhaíochtaí agus na deiseanna ar fad atá ann le bheith páirteach sa timpeallacht (ábhair agus daoine araon), a chuireann le foghlaim an linbh, mar aon leis an bpoitéinseal forbartha agus cruthaitheach.


Suíomh

Seo an raon áiteanna ina bhfuil seirbhísí COLO do leanaí ó bhreith go sé bliana d'aois á gcur i bhfeidhm; creiseanna, naíolanna, naíonraí, ranganna naíonán sna bunscoileanna, feighlithe linbh agus scoileanna Montessori san áireamh.


An Teaghlach

I gcomhthéacs na Creatlaí, breathnaítear ar an teaghlach i dtéarmaí na gaolmhaireachta atá aige leis an leanbh. Faoi threoir an Choimisiúin ar an Teaghlach, tá an bhaint atá ag an leanbh leis an teaghlach bunaithe ar bhreith, uchtú nó socrúchán. Léirítear an teaghlach, mar a bhaineann sé leis an leanbh "…by its members together assuming responsibility for the care and support of each other, particularly children…and by the sharing of time and resources which promotes intimacy and belongingness." (DSCFA, 1998: 625)


Tuismitheoir

Áiríonn an téarma tuismitheoir, tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) uile an linbh.