An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige
Brollach
Nuair a sheol an tAire Oideachais
agus Eolaíochta an Lárionad um
Fhorbairt agus Oideachas na LuathÓige
(An Lárionad) i mí Dheireadh
Fómhair 2002, thosaíomar aistear nár
tugadh faoi riamh cheana in Éirinn.
Is uaillmhianach an tasc a bhí ann creatlach ardchaighdeán
a fhorbairt ar fud an réimse uile a bhaineann le hoideachas
na luath-óige agus do leanaí ó bhreith go sé bliana d'aois,
agus cheap roinnt daoine nach bhféadfaí a leithéid a bhaint
amach taobh istigh de thrí bliana ghearra.
Bhí roinnt fachtóirí ann a chabhraigh linn an chreatlach seo
a sholáthar ar bhealach cuimsitheach agus tráthúil.
I dtús báire, bhraitheamar ar láidreachtaí roinnt mhaith
comhpháirtithe tiomanta i bpróiseas dian agus forleathan de
chomhairliúchán leanúnach. Go deimhin, tá na céadta, nó fiú
na mílte, údar ag an gcreatlach seo ar fud earnáil chúram
agus oideachas na luath-óige in Éirinn. Ní leis an gCoiste
Comhairleach amháin, déanta de bhreis agus caoga eagraíocht
rannpháirteach, a bhí an próiseas comhairliúcháin i gceist,
ach bhí sé scaipthe níos faide ná sin le rannpháirtíocht ó
thuismitheoirí agus gairmithe a thug a gcuid ama agus
saineolais go díograiseach agus go saor. Ó thús an phróisis,
bhunaíomar agus d'fhorbraíomar comhshocrú i measc na
leasanna thar a bheith éagsúil seo agus d'eagraíomar deiseanna
agus fóraim do mhalartú faisnéise agus chun plé a dhéanamh.
Ar an dara dul síos (agus is tábhachtaí b'fhéidir), thosaíomar
ó pheirspictíocht a thugann tús áite do chearta agus do
riachtanais an linbh, ag léiriú an phrionsabail choitianta a
bhaineann leo siúd ar fad atá bainteach le cúram agus
oideachas na luath-óige in Éirinn. Sháraigh an pheirspictíocht
seo na héagsúlachtaí uile idir shuímh, fhealsúnachtaí
agus leasanna.
Ar an tríú dul síos, bhunaíomar an chreatlach go láidir ar
bheartas, cleachtas agus taighde Éireannach agus idirnáisiúnta
cothrom le dáta. Mar thoradh ar an gcur chuige fianaisebhunaithe
seo agus ár n-oscailteacht maidir le dúshlán agus
díospóireacht tá daoine muiníneach as ár gcuid oibre.
Baineann an Chreatlach go dlúth le hÉirinn agus tá sí
lonnaithe go sonrach in Éirinn chomhaimseartha; aithníonn
sí oidhreacht chultúrtha agus theangeolaíoch na tíre, ach
ag an am céanna aithníonn sí athrú geilleagrach agus
déimeagrafach. Is é an tuiscint atá sa Chreatlach gur coincheap
dinimiciúil, tógtha agus atógtha ag go leor gníomhaithe
rannpháirteacha, lena n-áirítear leanaí, i sochaí atá ag
síorathrú, atá sa hardchaighdeán.
D'fhonn béim agus aird a tharraingt ar charachtar sainiúil na
Creatlaí, tugaimid 'Síolta' uirthi. Léiríonn sé poitéinseal na
hóige agus poitéinseal na Creatlaí seo le fás agus dul chun
cinn a dhéanamh. Baineann sé leis an meafar "Kindergarten"
mar ionad cúraim agus oideachais, agus le ról an oideora mar
gharraíodóir oilte. Go príomha, ceanglaíonn sé an Chreatlach
nua-aimseartha seo agus gach a tharla san am a caitheadh
agus an oidhreacht shaibhir a bhaineann le hÉire na linne seo.
Eispéireas thar a bheith iontach a bhí i stiúradh an phróisis
i dtreo Síolta dom féin ar bhonn pearsanta agus ar bhonn
gairmiúil. Ba mhór an phribhléid dom a bheith ag obair go
dlúth le foireann iontach agus ba mhaith liom mo bhuíochas
a chur in iúl do mo chomhghleacaithe sa Lárionad as a
dtiomantas agus a ndúthracht. D'uireasa thacaíocht éagorrach
agus saineolas na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus
chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta agus an Choiste Stiúrtha,
ní bheadh Síolta tugtha chun críche againn agus ba mhaith
liom mo bhuíochas a chur in iúil dóibh as sin. Bhí an
comhoibriú eadrainn féin agus raon leathan comhpháirtithe
tacaíochta in Éirinn agus thar lear taitneamhach agus
oideachasúil araon, agus táim buíoch as an méid a chuir siad
leis an tionscadal agus an mhuinín a bhí acu go n-éireodh leis.
Mar fhocal scoir, ar son Bhord agus fhoireann an Lárionaid, ba
mhaith liom Síolta a thiomnú do na leanaí óga uile in Éirinn.
Heino Schonfeld
Stiúirthóir an Lárionaid