Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige

RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.

Fón: 01 8842113 Feacs:: 01 8842111

Seirbhísí Seisiúnacha

Caighdeán 15: Reachtaíocht agus Rialú

Is gá gach rialachán agus ceanglas reachtúil ábhartha a chomhlíonadh, nó dul tharstu.

Comhpháirt 15.1

Comhpháirt 15.1 - Comhlíonann an suíomh gach reachtaíocht agus gach rialachán ábhartha nó téann sé tharstu.

Deis Mhachnaimh

15.1.1

An gcomhlíonann do sheirbhís an reachtaíocht agus na rialacháin ábhartha atá liostáilte in Aguisín 2?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Fostaíocht
  • Comhionannas
  • Sláinte agus Sábháilteacht
  • Tógáil agus Pleanáil
  • Cosaint Sonraí

15.1.2

An bhfuil duine (nó daoine) ainmnithe agat a thuigeann agus a ghlacann freagracht as cinntiú go gcomhlíonann an tseirbhís leis an reachtaíocht agus na rialacháin ábhartha atá faoi iamh in Aguisín 2?


15.1.3

Céard iad na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agat chun cinntiú go bhfanann an suíomh suas chun dáta le reachtaíocht agus le rialacháin nua?