Síolta

An Chreatlach Naisiúnta Cailíochta d'Oideachas na Luath-Óige

RÁITIS LÁRNACHA

AMHARC AR NA LÁMHLEABHAIR

Tuilleadh eolais ó:

An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.

Fón: 01 8842113 Feacs:: 01 8842111

Feighlíocht Linbh

Caighdeán 8: Pleanáil agus Meastóireacht

Chun gach gné de chleachtas laistigh den suíomh a shaibhriú agus a threorú, is gá timthriallta breathnóireachta, pleanála, gnímh agus meastóireachta a dhéanamh go rialta.

Comhpháirt 8.1 | Comhpháirt 8.2 | Comhpháirt 8.3 | Comhpháirt 8.4

Comhpháirt 8.1 - Déantar athbhreithniú rialta ar gach aon réimse Caighdeánach cleachtais trí phróisis oiriúnaithe cuí breathnadóireachta, pleanála, gníomhaíochta agus meastóireachta.

Deis Mhachnaimh

8.1.1

Cé na cineálacha próiseas athbhreithnithe atá oiriúnach do gach ceann den 16 Chaighdeán a bhaineann go sonrach le Síolta?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Athbhreithniú duinelárnach
  • Athbhreithniú struchtúrach
  • Athbhreithniú acmhainní
  • Fianaise agus doiciméadú
  • Athbhreithniú bainistíocht athruithe
  • Próiseas athbhreithnithe seachtraigh

8.1.2

Cé chomh minic is a ndéanann tú athbhreithniú sna catagóirí cleachtais ar na Caighdeáin?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Gach lá/seachtain/mí
  • Sa téarma/bhliain
  • Athbhreithniú rollach

8.1.3

Cé na gnéithe de na Caighdeáin a dteastaíonn níos athbhreithniú ná a chéile uathu?


Comhpháirt 8.2 - Tá struchtúir athbhreithnithe aontaithe, a bhfuil fianaise scríofa orthu ag an suíomh.

Deis Mhachnaimh

8.2.1

Cé na struchtúir athbhreithniúcháin atá i bhfeidhm i do shuíomh?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Bainistiú ama
  • Féin-athbhreithniú
  • Maoirseacht agus measúnacht
  • Ionchur ó thuismitheoirí agus leanaí
  • Tuarascálacha faoi dhul chun cinn
  • Fianaise agus doiciméadú
  • Measúnú/iniúchadh seachtrach

Comhpháirt 8.3 - Tá córas ann chun cinnte a dhéanamh de go dtagann athruithe i gcleachtas as na próisis athbhreithnithe.

Deis Mhachnaimh

8.3.1

Nuair a bhíonn athrú ag teastáil, cén chaoi a gcuireann tú an t-athrú sin i bhfeidhm?


8.3.2

Cá bhfaighidh tú tacaíocht agus tú ag glacadh páirte san athrú?


Comhpháirt 8.4 - Déantar taifeadadh, stóráil, agus roinnt ar thorthaí na struchtúr agus próiseas athbhreithnithe, mar is cuí.

Deis Mhachnaimh

8.4.1

Cén chaoi a ndéantar doiciméadú ar an bpróiseas athbhreithnithe?

Smaoinigh ar: (m. sh.)

  • Teimpléid athbhreithniúcháin
  • Nótaí pleanála curaclaim/cláir
  • Taifead ar chruinnithe
  • Miontuairiscí ar chruinnithe
  • Dialanna cleachtais
  • Tuarascálacha meastóireachta

8.4.2

Cén chaoi a gcinntíonn tú go gcoinnítear taifid mar is cuí, agus faoi rún? Féach 10.6 Féach 12.2/12.3