Caighdeán 12: Cumarsáid
Chun go mbeidh cumarsáid éifeachtach ann ar mhaithe leis an pháiste, tá gá le polasaithe, nósanna imeachta agus gnímh a chuireann roinnt eolais agus faisnéise chun cinn go gníomhach i measc páirtithe leasmhara cuí, le meas agus le rúndacht.
Comhpháirt 12.1 | Comhpháirt 12.2 | Comhpháirt 12.3 | Comhpháirt 12.4
Comhpháirt 12.1 - Bailíonn an suíomh faisnéis chuí, ábhartha ar gach pháiste agus stóráiltear ar bhealach sábháilte é.
Deis Mhachnaimh - Ginearálta
12.1.1
Cén chaoi a mbailíonn tú eolas ar leanaí aonair (go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil)? Féach 3.1 Féach 7.6 Féach 10.6
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Cineál faisnéise á lorg agus á stóráil ar leanaí
- A chinntiú go bhfuil faisnéis taifeadta i gceart agus go cruinn
- Áiseanna do stóráil shábháilte na faisnéise seo
- Rochtain ar an bhfaisnéis seo
- Rochtain ar thaifid i gcás éigeandála
- A chinntiú go mbíonn an fhaisnéis a bhailítear athbhreithnithe go rialta agus coinnithe cothrom le dáta
- Tuismitheoirí a chur san áireamh
Comhpháirt 12.2 - Tá an suíomh réamhghníomhach agus é ag
roinnt faisnéise mar is cuí le páirtithe leasmhara
eile ar mhaithe leis an bpáiste.
Deis Mhachnaimh
12.2.1
Cén chaoi a gcinntíonn tú cé aige a bhfuil fáil ar
fhaisnéis agus cén chaoi a roinntear an fhaisnéis seo?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Rochtain tuismitheoirí ar fhaisnéis Féach 3.1 / 3.3
- Faisnéis/páirtithe leasmhara ábhartha
- Suimeanna an linbh
- A bheith réamhghníomhach
12.2.2
Cén chaoi a roinntear an fhaisnéis?
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Daoine fásta i do theach
- Páirtithe leasmhara cuí taobh amuigh de do theach
- Aiseolas rialta do thuismitheoirí maidir lena leanbh
- Faisnéis a scaipeadh ar thuismitheoirí ó eagraíochtaí cuí eile Féach 16.1
- Faisnéis a sholáthar chuig eagraíochtaí agus seirbhísí eile sa cheantar maidir leis na seirbhísí a chuireann tú ar fáil
- Rochtain éasca do leanaí agus teaghlaigh ar sheirbhísí eile sa phobal a chur chun cinn
- Eolas a chur ar fáil do dhaoine a labhraíonn teangacha eile (m. sh., tuismitheoirí le teanga dhúchais eile seachas ceann an tsuímh) nó ag a bhfuil míchumais (m. sh. tuismitheoirí atá bodhar nó a bhfuil deacracht éisteachta acu, tuismitheoirí atá caoch nó maolchaoch, tuismitheoirí ag a bhfuil míchumais eile a chuireann isteach ar a gcumas eolas a fháil nó a thuiscint) Féach 14.2
Comhpháirt 12.3 - Baineann rúndacht leis an gcaoi a dtaifeadann, a stórálann agus a roinneann an fhoireann faisnéis ar mhaithe leis na páistí.
Deis Mhachnaimh
12.3.1
Cén chaoi a roinntear faisnéis ar bhealach rúnda? Féach 14.3
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Tuismitheoirí a dheimhniú
- Dul i gcomhairle le tuismitheoirí chun cead a fháil faisnéis a roinnt faoina leanbh/leanaí
- Cén chaoi a gcuireann an córas stórála agus taifeadta rúndacht chun cinn
- Áiseanna stórála sábháilte do na taifid
Comhpháirt 12.4 - Coinnítear cuntais scríofa sa suíomh ar na polasaithe, na gnásanna agus na gníomhartha go léir a bhaineann le cumarsáid laistigh den suíomh, agus cuirtear ar fáil do na páirtithe leasmhara ar fad iad.
Deis Mhachnaimh
12.4.1
Cé na polasaithe i do shuíomh a bhaineann le taifeadadh agus roinnt faisnéise ar mhaithe leis na leanaí? Féach 10.2
Smaoinigh ar: (m. sh.)
- Cén chaoi a gcuireann na polasaithe agus na nósanna imeachta roinnt eolais agus faisnéise chun cinn ar mhaithe leis an leanbh
- Polasaí a chur i bhfeidhm
- Nósanna imeachta a dhoiciméadú