The National Quality Framework for Early Childhood Education
Tugann na hAchoimrí Taighde samplaí de thaighde atá in ann tacú le agus cur le tuiscint na sé Chaighdeán déag laistigh den Chreatlach. Déanann siad nasc idir gach Caighdeán agus mórthéama na cáilíochta in COLO agus tugann siad moltaí praiticiúla faoin gcaoi ar féidir úsáid a bhaint as an bhfianaise taighde sin chun ardchaighdeán a chur chun cinn agus a fhorbairt i ngnáthchleachtas. Tá an taighde neadaithe i modheolaíocht iontaofa agus tá sé fréamhaithe i gcomhthéacs praiticiúil.
Go dtí seo, níor cuireadh na hAchoimrí ar fáil chun dáta ach amháin dóibh siúd a d’fhreastail ar Sheimineár Cheardlanna Síolta a d’eagraigh an CECDE in 2007, ach ceapadh go mbeadh na hAchoimrí Taighde ina dtairbhe do phobal níos leithne a oibríonn in earnáil na luath-óige agus mar sin bailíodh le chéile iad in aon fhoilseachán amháin.
Cliceáil anseo chun cóip don Achoimrí Taighde Síolta a thíoslódáil nó cur fios ar an Lárionad go díreach.